Neasa Ní Chinnéide

craoltóir Éireannach

Craoltóir Éireannach agus iarcheannasaí ar Rannóg na gCláracha Gaeilge in RTÉ is ea Neasa Ní Chinnéide.

Infotaula de personaNeasa Ní Chinnéide
Beathaisnéis
Breithc. 1952
71/72 bliana d'aois
Baile an Mhúraigh, Éire Cuir in eagar ar Wikidata
Áit chónaitheBaile Átha Cliath
Tóiceo
Gníomhaíocht
Gairmcraoltóir, léiritheoir teilifíse Cuir in eagar ar Wikidata
TeangachaAn Ghaeilge
Teaghlach
CéileJohn Hegarty Cuir in eagar ar Wikidata

LinkedIn: neasa-ni-chinnéide-hegarty-46919a26 Cuir in eagar ar Wikidata

Is cainteoir dúchais Gaeilge í. Rugadh agus tógadh i mBaile an Mhúraigh i gCorca Dhuibhne í. Rinne sí staidéar ar an tíreolaíocht i gColáiste na hOllscoile, Gaillimh agus bhain sí céim bhaitsiléara amach chomh maith le hArdteastas san Oideachas. Músclaíodh a spéis sa chraoltóireacht le linn na tréimhse seo freisin, agus fuair sí post páirtaimseartha le Raidió na Gaeltachta i gCasla agus í fós ina mac léinn.[1]

Chaith sí ocht mbliana sna Stáit Aontaithe ag tabhairt faoi chéim dhochtúireachta sa tíreolaíocht sular fhill sé ar Éirinn in 1986.[1] Fuair sí post lánaimseartha le Raidió na Gaeltachta, agus thosaigh sí féin agus Seán Ó Tuairisg ag cur an chláir “Cúrsaí” i láthair, clár a bhí á chraoladh cúig oíche sa tseachtain ar feadh tamaill. In 1995, ceapadh í ina Ceannasaí ar Rannóg na gCláracha Gaeilge in RTÉ.[1]

Seirbhís phoiblí cuir in eagar

Bhí sí ina cathaoirleach ar an bhFéile Idirnáisiúnta Scannán agus Teilifíse agus ar Choiste na hÉireann den Bhiúró Eorpach do Theangacha Neamhfhorleathana sna 1990idí.[1]

Saol phearsanta cuir in eagar

Tá sí pósta le John Hegarty a bhí ina phropast ar Choláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath ó 2001 go 2011, agus tá beirt chlainne acu.[2]

Tagairtí cuir in eagar

  1. 1.0 1.1 1.2 1.3 "AGALLAMH BEO: Neasa Ní Chinnéide" (2001-06). Dáta rochtana: 2024-02-12.
  2. "John Hegarty". Dáta rochtana: 2024-02-12.