Niall Ó Gallchóir

iriseoir Briotanach

Is iriseoir, aistritheoir, agus file Albanach é Niall Ó Gallchóir atá ina chomhfhreagraí polaitíochta do BBC Alba agus BBC Radio nan Gàidheal. Oibríonn sé ar chláracha nuachta Gaeilge na hAlban an BBC, An Là, Aithris na Maidne, agus Aithris an Fheasgair. B'é Niall an chéad comhfhreagraí a thug tuairisc ar An Là nuair a thug sé tuairisc ó ardfheis Pháirtí an Lucht Oibre na Ríocht Aontaithe i Manchain. Scríobhann sé blag ar shuíomh idirlín Naidheachdan a' BhBC (seirbhís nuachta Ghaeilge na hAlban an BBC).[1]

Infotaula de personaNiall Ó Gallchóir
Beathaisnéis
Breith1981
42/43 bliana d'aois
Dún Éideann, Scotland Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
Scoil a d'fhreastail sé/síOllscoil Ghlaschú Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Réimse oibreScottish literature (en) Aistrigh, iriseoireacht tuairimíochta agus Celtic poetry (en) Aistrigh
Suíomh oibre Albain Cuir in eagar ar Wikidata
Gairmscríbhneoir, file, aistritheoir, iriseoir tuairime, scoláire liteartha, duine léinn Cuir in eagar ar Wikidata
SeánraFilíocht
TeangachaGaeilge na hAlban agus Béarla

Twitter: BBCNiallOG Cuir in eagar ar Wikidata

Is as Dùn Èideann do Niall agus bhain sé máistreacht chéadonóracha sa Bhéarla agus Litearthacht Albanach agus PhD i Litearthacht an Bhéarla bunaithe ar shaothar an scríbhneora Alasdair Gray amach in Ollscoil Ghlaschú. Is ar Ollscoil Ghlaschú a d'fhoghlaim sé a chuid Gaeilge. Is Comhlach Taighde Oinigh de chuid Roinn Léinn Cheiltigh na hollscoile atá ann.

Chomh maith leis sin, cumann Niall filíocht Ghaeilge.[2] D'fhoilsigh CLÀR a chéad cnuasach filíochta, Beatha Ùr, i 2013. Sa chnuasach tá deich soinéad fá dtaobh d'ábhair dhifriúla agus cnuasach dánta níos faide fá Ghlaschú.

  1. Niall O'Gallagher”.
  2. Gaelic Report”. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 17 October 2008. Dáta rochtana: 6 November 2008.