Niall mac Eochadha
Rí Ulad de Dhál Fhiatach ba ea Niall mac Eochadha (Sean-Ghaeilge Niall mac Eochada) (bás 1063).[1] Bhí sé i réim ón mbliain 1016.
Beathaisnéis | |
---|---|
Bás | 1063 (Féilire Ghréagóra) |
Liosta Ríthe Uladh | |
Gníomhaíocht | |
Gairm | monarc |
Teaghlach | |
Teaghlach | Dál Fiatach |
Fuair a athair, Eochaidh mac Ardgair, bás sa bhliain 1004. In éadan a mhuintire féin, Dál Fhiatach, a bhí a luath eachtra míleata. Chloígh sé a chol ceathrar sa bhliain 1012 i ‘gCath na Sléibhte’, agus sa bhliain 1020 chloígh agus dhall sé Flaithbeartach ó Eochadha.[1]
Sa bhliain 1022, chloígh sé ar muir Lochlannaigh Átha Cliath.[2] Chloígh sé ansin Oirialla, fo-ríocht Chineál Eoghain. Sa bhliain 1024, rinne sé ionradh ar Áth Cliath agus ghabh sé gialla, rud rathúil a rinne sé arís dhá bhliain i ndiaidh sin.[1]
Sa bhliain 1044, rinne Niall ionsaí ar ríocht Bhreá d'Uí Néill an Deiscirt, ach cloíodh é agus chaill sé 200 fearr.[1]
Sa bhliain 1047, rinne sé comhaontas le Diarmaid mac Maoil na mBó rud a chuir brú ar ríochtaí of ríocht na Mí, Breá and Átha Cliath ó thuaidh is ó dheas.[3]
Sa bhliain 1056, ghabh fir Uí Néill 3,000 bó agus seasca giall ó Dhál Araí, fo-ríocht na nUlad. Rinne Cineál Eoghain ruathar ann sa bhliain 1059.[1]
Measadh gur leath rí é Eochaidh mac Néill (bás 1062) was i dteannta lena athair. Rí Ulad fosta ba ea Donn Sléibhe Ó hEochadha (bás 1091), maraon le an-chuid dá sliochtaigh.[4]
Naisc sheachtracha
cuir in eagarTagairtí
cuir in eagar- ↑ 1.0 1.1 1.2 1.3 1.4 Benjamin T. Hudson, ‘Niall mac Eochada (d. 1063)’, Oxford Dictionary of National Biography, Oxford University Press, 2004.
- ↑ Heald, Henrietta (1992). "Chronicle of Britain". Jacques Legrand.
- ↑ Dáibhí Ó Cróinín, Early Medieval Ireland: 400–1200, Longman, Londain, 1995, lch. 52, ISBN 0-582-01565-0
- ↑ Francis John Byrne, Irish Kings and High Kings, Batsford, Londain, 1973, lch. 286, tábla 6. ISBN 0-7134-5882-8