Polaiteoir, craoltóir agus tráchtaire polaitíochta Sasanach is ea Nigel Farage a bhí mar cheannaire ar Páirtí Neamhspleách na Ríochta Aontaithe (UKIP) ó 2006 go dtí 2009 agus arís ó 2010 go dtí 2016. Tá sé mar Fheisire de Pharlaimint na hEorpa i gcomhair Oirdheisceart Shasana ó 2009. Déanann sé cathaoirleacht ar an ngrúpa "Europe of Freedom and Direct Democracy". Is Eoraisceipteach mór le rá é sa RA atá iomráiteach mar gheall ar a óráidí conspóideacha i bParlaimint na hEorpa agus cháin sé an Eor-airgeadra go láidir.

Nigel Farage
Nigel Farage (45718080574) (cropped).jpg
Feisire de Pharlaimint na hEorpa

Iúil 20, 1999 - Iúil 19, 2004
Dúiche: Oirdheisceart Shasana
Toghchán: toghchán Pharlaimint na hEorpa 1999
Feisire de Pharlaimint na hEorpa

Iúil 20, 2004 - Iúil 13, 2009
Dúiche: Oirdheisceart Shasana
Toghchán: toghchán Pharlaimint na hEorpa 2004
Leader of the UK Independence Party (en) Aistrigh

Meán Fómhair 27, 2006 - Samhain 27, 2009
Roger Knapman (en) Aistrigh - Malcolm Pearson, Baron Pearson of Rannoch (en) Aistrigh
Feisire de Pharlaimint na hEorpa

Iúil 14, 2009 - Meitheamh 30, 2014
Dúiche: Oirdheisceart Shasana
Toghchán: toghchán Pharlaimint na hEorpa 2009
Leader of the UK Independence Party (en) Aistrigh

Samhain 5, 2010 - Meán Fómhair 16, 2016
Jeffrey Titford (en) Aistrigh - Diane James (en) Aistrigh
Feisire de Pharlaimint na hEorpa

Iúil 1, 2014 - Iúil 1, 2019
Dúiche: Oirdheisceart Shasana
Toghchán: toghchán Pharlaimint na hEorpa 2014
Leader of the UK Independence Party (en) Aistrigh

Deireadh Fómhair 5, 2016 - Samhain 28, 2016
Diane James (en) Aistrigh - Paul Nuttall (en) Aistrigh
Feisire de Pharlaimint na hEorpa

Iúil 2, 2019 - Eanáir 31, 2020
Dúiche: Oirdheisceart Shasana
Toghchán: toghchán Pharlaimint na hEorpa 2019
Saol
Ainm iomlánNigel Paul Farage
Eolas breitheDowne, 3 Aibreán 1964 (58 bliain d’aois)
NáisiúntachtAn Ríocht Aontaithe
Teanga dhúchaisan Béarla
Muintir
Céile/CéilíKirsten Farage (en) Aistrigh  (1999 -
Oideachas
Alma materDulwich College (en) Aistrigh
Teangachaan Béarla
Gairm
Gairmpolaiteoir, dírbheathaisnéisí, bróicéir tráchtearra, urlabhraí agus craoltóir
Áit oibreStrasbourg agus An Bhruiséil
FostóiríDrexel Burnham Lambert  (1982 -  1986)
Crédit Lyonnais  (1986 -  1994)
Refco  (1994 -  2003)
Natixis  (2003 -
Daoine le tionchar air/uirthiEnoch Powell
Cleamhnú
ReiligiúinEaglais Shasana
Anglacánachas
Páirtithe polaitíochtaPáirtí Neamhspleách na Ríochta Aontaithe
An Páirtí Coimeádach
Brexit Party
nfarage.com
Instagramnigel_farage
Twitternigel_farage
TikToknigel__farage

Bhí Farage mar dhuine de bhunaitheoirí Páirtí Neamhspleách na Ríochta Aontaithe, i ndiaidh gur fhág sé an Páirtí Coimeádach i 1992 mar gheall ar síniú Chonradh Maastricht. I ndiaidh feachtais neamhthorthúil i dtoghcháin pharlaiminte san Eoraip agus i Westminster i gcomhair UKIP ó 1994, toghadh é mar FEP i le haghaidh Oirdheisceart Shasana i dToghchán do Pharlaimint na hEorpa i 1999. Atoghadh é i 2004, 2009 agus, is deireanaí, i 2014.

D'imigh Farage de UKIP i Mí na Nollag 2018, agus é ag scríobh sa nuachtán The Telegraph "nach é UKIP páirtí an Bhreatimeachta ar gá linn é", agus é ag cáineadh an pháirtí as a bheith frithioslamach agus róghafa le Tommy Robinson, duine mór ar an eite an-deis i Sasana.[1][2][3] Ó Mí Eanáir 2019, tá Farage ina cheannaire ar pháirtí polaitíochta nua, an Brexit Party ('Páirtí an Bhreatimeachta'), atá ag feachtasóireacht le haghaidh imeacht láithreach den Ríocht Aontaithe den Aontas Eorpach, agus a sheasfaidh iarrthóirí do na toghcháin Eorpacha i Mí na Bealtaine 2019.[4][5]



TagairtíCuir in Eagar

  1. Nigel Farage (2018-12-04). "With a heavy heart, I am leaving Ukip. It is not the Brexit party our nation so badly needs" (en-GB). The Telegraph. Dáta rochtana: 2019-05-08.
  2. "Le partisan du Brexit Nigel Farage quitte l'Ukip, son parti europhobe" (fr). Le Huffington Post (2018-12-04). Dáta rochtana: 2019-05-08.
  3. Peter Walker Political correspondent (2018-12-04). "Nigel Farage quits Ukip over its anti-Muslim 'fixation'" (en-GB). The Guardian. Dáta rochtana: 2019-05-08.
  4. Josh Halliday (2019-01-20). "Nigel Farage to lead new pro-Brexit party if EU departure delayed" (en-GB). The Guardian. Dáta rochtana: 2019-05-08.
  5. "View registration - The Electoral Commission". search.electoralcommission.org.uk. Dáta rochtana: 2019-05-08.