Noël Coward
Scríbhneoir, drámadóir agus amharclannaí Sasanach a bhí i Sir Noël Peirce Coward (16 Nollaig 1899 - 26 Márta 1973)[1].
Bhreac Noël Coward síos breis is leathchéad de dhrámaí i rith a ghairmréime. Inniu féin is iomaí dráma leis a stáitsítear go tráthrialta. Bhí sé ina scríbhneoir amhránaí fosta, agus tháinig úrscéal amháin agus lear gearrscéalta óna pheann chomh maith. Chuaigh a shaothar i bhfeidhm ar lucht a chomhaimsire agus is féidir a thionchar a aithint ar a lán de phopchultúr an lae inniu féin.
Luathshaol cuir in eagar
Saolaíodh Noël Coward in Teddington, bruachbhaile de chuid Londan, ar an 16 Nollaig, 1899. Chuaigh sé ar scoil damhsóireachta nuair a bhí sé ina pháiste, agus ní raibh sé ach aon bhliain déag d'aois nuair a chonacthas ar an stáitse an chéad uair é.
Ní raibh ann ach déagóir nuair a fuair Coward aithne ar shaol galánta na ndaoine móra, agus sin é an cineál saoil ar ar thug sé cur síos ina lán drámaí.
Tagairtí cuir in eagar
Is síol ceoil é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |