Noel Gallagher

ceoltóir agus cumadóir amhrán Sasanach

Is ceoltóir Sasanach é Noel Thomas David Gallagher (as Gaeilge: Nollaig Tomás Daithí Ó Gallchóir) a rugadh in Longsight Mhanchain ar an 29 Bealtaine 1967. Bhí Gallagher ina phríomhscríbhneoir, príomhghiotáraí agus amhránaí sa ghrúpa rac-cheoil Oasis, banna a bhunaigh sé in éineacht lena dheartháir Liam. Bhain sé rath agus cáil dhomhanda amach leis an mbanna, agus shroicheadar a mbuaic is airde i lár na nóchaidí nuair a bhí Oasis ar an "mbanna is mó ar domhain", mar a deireadh seisean go rialta. Le scaoileadh an albaim Definitely Maybe sa bhliain 1994, ghlac Gallagher ait lárnach i ngluaiseacht cheoil nua ar a dtugtar "Britpop", agus bhain sé sult mór as a cháil nua.

Infotaula de personaNoel Gallagher

(2022) Cuir in eagar ar Wikidata
Ainm sa teanga dhúchais(en) Noel Gallagher
(en) Noel Thomas Gallagher
Beathaisnéis
Breith(en) Noel Thomas David Gallagher
29 Bealtaine 1967
56 bliana d'aois
Longsight, England Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
ReiligiúnAn tAindiachas
Teanga dhúchaisBéarla
LámhcheannasCiotógacht
Gníomhaíocht
Gairmgiotáraí, amhránaí is scríbhneoir, ceoltóir, amhránaí Cuir in eagar ar Wikidata
Tréimhse oibre1988 –
Ball de
SeánraRac-cheol, rac malartach agus popcheol
TeangachaBéarla
UirlisGiotár agus ceol gutha
Lipéad ceoilCreation Records Cuir in eagar ar Wikidata
Teaghlach
CéileMeg Mathews (1997–2001) Cuir in eagar ar Wikidata
SiblínLiam Gallagher

Suíomh gréasáinnoelgallagher.com Cuir in eagar ar Wikidata
IMDB: nm0302462 Facebook: noelgallaghermusic Twitter: noelgallagher Instagram: noelgallagherofficial Souncloud: noelgallagher Spotify: 6IRQd80VHepXiTXdmBzk6l iTunes: 534174 Musicbrainz: 6493ed80-8b44-49fa-91de-e7b0a0b57d6d Songkick: 154591 Discogs: 5452 Allmusic: mn0000380158 Deezer: 4911039 Cuir in eagar ar Wikidata

Is ceoltóir aonair inniu é, tar éis dó dhroim a thabhairt d'Oasis sa bhliain 2009. Bhunaigh sé an banna: Noel Gallagher's High Flying Birds go gairid ina dhiaidh sin. Scaoileadh a chéad albam in 2011.

Tús a shaoil cuir in eagar

Saolaíodh Noel Gallagher i Longsight, réigiún timpeall trí mhíle ó theas ó chathair Mhanchain. Tá sé ar an dara duine de triúr buachaill a rugadh le tuismitheoirí Éireannacha - is as Co. Mhaigh Eo dá mháthair Peggy agus as Contae na Mí dá athair Tommy[1]. Nuair a tháinig a dheartháir Liam ar an saol sa bhliain 1972, bhog an teaghlach go Ashburn Avenue, áit atá suite sa bhruachbhaile Burnage. Bhí óige deacair ag Noel, agus é ag troid go minic i gcoinne a athar, fear a bhí faoi thionchar an óil i gcónaí. De bharr an teannais a bhí sa teach agus an brú a bhí orthu, bhí stad sa chaint aige féin agus a dheartháir is sine Paul. Roinn sé seomra leapa le Liam agus iad ag fás aníos.

Fuair Peggy Gallagher scaradh dlíthiúil óna fear céile sa bhliain 1976, ach d'fhanadar le chéile ar feadh sé bliana déag eile sular fhág Peggy an teach, ag tógáil na buachaillí ina h-éineacht.

Mar dhéagóirí, bhí na buachaillí i dtrioblóid go minic, Noel ach go háirithe, leis an scoil agus leis na bpóilíní. Thit sé isteach le h-amhsóirí peile sa chathair, grúpaí ar nós an Maine Line Crew, na Under-5s agus na Young Guvnors sna hochtóidí. Agus é trí bliana déag d'aois, gearradh sé mhí promhaidh air, tar éis dó siopa áitiúil a robáladh. Timpeall an am seo, thosaigh sé ag baint triail as an giotáir, agus é ag seinm le chéile leis na bannaí móra ar an raidió.

D'fhéach sé ar The Smiths ag casadh an amhráin This Charming Man ar Top of the Pops sa bhliain 1983, agus chuaigh an rud seo go mór i bhfeidhm air. Mar a dúirt sé níos déanaí, "Ó shin i leith, ba mhaith liom a bheith Johnny Marr".

Gairm cheoil cuir in eagar

Thosaigh sé a shlí bheatha sa cheol le banna mór le rá eile as Manchain, Inspiral Carpets. Theip sé ina iarracht a bheith ina amhránaí sa ghrúpa, ach lean sé ar aghaidh ag obair leo mar "roadie". Nuair a d'fhill ´sé ar Mhanchain tar éis chamchuairt leis na hInspiral Carpets, chuaigh sé chun súil a chaitheamh ar bhanna a dhearthár, Rain ab ainm dóibh sna laethanta seo. Ní raibh meas ar bith aige dóibh mar bhanna, ach ghlac sé seilbh orthu agus chuir sé na hamhráin a bhí scríofa aige féin ar fáil dóibh. D'athraigh siad ainm an bhanna go Oasis, tar éis siopa éadaí sa chathair.

Bhain Oasis an-cháil amach thar oíche lena gcéad ceirnín Definitely Maybe. B'é Gallagher a chum na rianta ar fad, roinnt dóibh agus é fós ag obair lena athair ar na láithreáin tógála ar fud na cathrach. Chuaigh ceol an bhanna go mór i bhfeidhm ar ghlúin óg nua, ceol sultmhar agus sonasach a tháinig mar shólás do dhaoine a bhí tuirseach leis an stíl cheoil dorcha a bhí i bhfaisean ag an am, grúinse agus araile. Bhí ainm in airde ag Oasis go tobann, agus Noel go háirithe mar chumadóir agus urlabhraí an ghrúpa.

Ó thaobh an chumadóireachta de, cuireadh i leith Gallagher uaireanta gur ghoid sé rudaí ó bhannaí éagsúla, mar shampla Rolling Stones agus a laochra The Beatles. Níor shéan Gallagher na líomhaintí seo go díreach, ach mhaígh sé go raibh grá mór aige do na fathaigh siúd, agus rinne sé an méid seo mar ómós. "Leantóir a chumann amhráin", mar a thug seisean air.

D'fhág Gallagher an banna sa bhliain 2009 de bharr achrann eile lena dheartháir Liam, agus "easpa tacaíochta" ó bhaill eile agus bainisteoireacht an ghrúpa, mar a thug sé air. Lean sé ar aghaidh mar cheoltóir aonair.

Saol pearsanta cuir in eagar

Phós Gallagher faoi dhó - le Meg Matthews idir 1997 agus 2001, agus le Sara McDonald idir 2002 agus lá inniu. Tá iníon amháin aige leis an bheirt bhan - Anais, le Matthews a rugadh sa bhliain 2001 agus Donovan Rory MacDonald Gallagher le McDonald a rugadh sa bhliain 2007.

Leantóir díograiseach an chumainn sacair Manchester City le fada an lá atá ann, ceann de dhá fhoireann mhór na cathrach. Pléann sé cúrsaí peile go rialta sna meáin, Man City ach go háirithe.

Dioscliosta (le High Flying Birds) cuir in eagar

Albam Stiúideo cuir in eagar

  1. Noel Gallagher's High Flying Birds (2011)
  2. Chasing Yesterday (2015)
  3. Who Built the Moon? (2017)

I.B cuir in eagar

  1. Songs from the great White North (2012)
  2. iTunes Festival: London 2012
  3. Together Live! (le Snow Patrol is Jake Bugg) (2012)
  4. Where the City Meets the Sky- Chasing Yesterday: The Remixes (2015)
  5. Wait and Return (2019)
  6. Black Star Dancing (2019)
  7. This is the Place (2019)
  8. Blue Moon Rising (2020)

Tagairtí cuir in eagar

  1. "The Irish Times 3 Deireadh Fómhair 2008". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2011-11-15. Dáta rochtana: 2008-10-04.