Oasis
Rac-bhanna Sasanach ba ea Oasis, a cuireadh ar bun i Manchain sa bhliain 1991. D'fhás Oasis amach ó ghrúpa a bhí ann níos luaithe, The Rain, bhí Lia Gallagher (fonnadóireacht, tambóirín agus maracai), Paul "Bonehead" Arthurs (giotár), Paul "Guigsy" McGuigan (dordghiotár) agus Tony McCarroll (drumaí agus cnagadh) sa bhanna ón tús.
Chuaigh deartháir níos sine Liam, Noel Gallagher (giotár luaidhe agus príomhchumadóir amhrán) mar an chúigiú ball, agus bhí sin mar foireann an mbanna go dtí Aibreán 1995.
Stair
cuir in eagarSínigh Oasis leis an lipéad ceol neamhspleách, Creation Records i 1993 agus scaoil siad a chéad albam, Definitely Maybe, a sháraigh curiarrachtaí i 1994.
Tá inspioráid tógtha ag Oasis ó a lán de na bannaí Sasanacha a bhain cáil amach sna 1960idí, mar shampla The Beatles, The Who, The Kinks agus The Rolling Stones. Chomh maith le sin, bhí tionchar mór ag bannaí eile as Manchain orthu freisin, mar shampla The Smiths agus The Stone Roses.
Bhí Oasis ar cheann de na bannaí is mó ar ar dtugtaí Britpop i lár na 1990idí, in éineacht le Blur, Pulp, Elastica, Cast agus roinnt bannaí eile. Bhí coimhlint cháiliúil sna meáin agus sna cairteacha idir iadsan agus Blur, na bannaí ba mhó ag an am.
2009-2023
cuir in eagarI mí Lúnasa 2009, dúirt Noel Gallagher go raibh sé ag éirí as an banna de bharr coimhlintí le Liam, agus bhunaigh sé Noel Gallagher's High Flying Birds. Tá tri albam agus E.P. eisithe acu.
Athainmnigh Liam, agus baill eile as Oasis, an banna mar "Beady Eye". Díscaoileadh Beady Eye sa bhliain 2014, tar éis dhá albam.
2024
cuir in eagarAr an 27/08/2024, bhí sé fógartha ag Liam agus Noel Gallagher go bhfuil Oasis ag teacht ar ais le chéile chun roinnt gigeanna a dhéanamh – agus dhá cheann i bPáirc an Chrócaigh in 2025.[1] Ach níorbh fhada gur iompaigh an lucht leanúna ar na meáin shóisialta agus ardáin eile chun frustrachas faoin bpróiseas díolacháin a chur in iúl, go háirithe na praghsanna arda a bhí á lorg do chuid de na ticéid do sheónna Pháirc an Chrócaigh.[2]
Chuir an CCPC, an Coimisiún um Iomaíocht agus Cosaint Tomhaltóirí, imscrúdú ar bun faoi dhíol na dticéad do cheolchoirm Oasis ag Ticketmaster. Dúirt an Coimisiún go raibh níos mó ná 100 gearán faighte acu faoi dhíol na dticéad agus tar éis na ngearán sin a athbhreithniú gur cuireadh an t-imscrúdú ar bun.[2]
Dioscliosta
cuir in eagarAlbaim stiúideo
cuir in eagar- Definitely Maybe (1994)
- (What's The Story) Morning Glory? (1995)
- Be Here Now (1997)
- Standing On The Shoulder Of Giants (2000)
- Heathen Chemistry (2002)
- Don't Believe The Truth (2005)
- Dig Out Your Soul (2008)
Albam Beo
cuir in eagarFamiliar to Millions (2000)
I.B
cuir in eagarStop the Clocks (2006)
Albaim díolama
cuir in eagar1. Definitely Maybe: The Singles (1996)
2. (What's the Story) Morning Glory?: The Singles (1996)
3. The Masterplan (Diolaim taobh-B) (1998)
4. Stop the Clocks (2006)
5. Time Flies... 1994-2009 (2010)
Tagairtí
cuir in eagar- ↑ "Oasis ag teacht anseo - agus tá na praghsanna óstáin ag €800" (en-GB) (2024-08-27). Dáta rochtana: 2024-09-06.
- ↑ 2.0 2.1 Nuacht RTÉ (2024-09-06). "Imscrúdú ar dhíol thicéid Oasis curtha ar bun" (as ga-IE).