Nora Owen
Is iarpholaiteoir Fine Gael í Nora Owen, a bhí ina Aire Dlí agus Cirt ó 1994 go 1997. Bhí sí ina TD sa cheantar Baile Átha Cliath Thuaidh-Lár idir 1981 agus 1987 agus arís ó 1997 go 2002.[1][2][3]
Óige
cuir in eagarRugadh Nora Owens i mBaile Atha Cliath i 1945. Is polaiteoir í a deirfiúr, Mary Banotti agus is gariníon í de chuid an cheannaire réabhlóidigh Éireannaigh, Mícheál Ó Coileáin. B'as iarthar Chorcaí ó dhúchas máthair Nóra, Kitty Collins, agus ba neacht mhór í le Micheál Ó Coileáin. Bhí Nóra ar dhuine de sheisear clainne, cúigear deirfiúracha agus deartháir amháin.
Bhí Nóra deich mbliana d'aois nuair a cailleadh a hathair. Fostaí de chuid an bhainc ba ea é, agus d'fhág a hathair pinsean beag ag a máthair. Múinteoir eolaíochta baile a bhí inti agus bhí sí in ann dul ar ais ag obair i gColáiste na Lónadóireachta, Sráid Chathail Brugha.
D'fhreastail Nora ar an gClochar Doiminiceach i gContae Chill Mhantáin.
Bhain Nora chéim amach sa cheimic tionsclaíochta in UCD. D'oibrigh sí mar cheimiceoir rialaithe cáilíochta i Saotharlann Shoird, áit ar bhuail sí lena féar chéile, Brian. Phós siad in 1986. Sa bhliain 1961, chuaigh Nora isteach i Fine Gael. Sna 1970idí, bhí sí gníomhach sa pholaitíocht áitiúil agus bhí sí ina hoibrí deonach agus bhí sí ina rúnaí san Ionad Eolais Mullach Íde idir 1976 go 1980. Bhí Nora ina ball freisin de Chomhairle Pobail Mullach Íde agus de Chumann Cónaitheoirí Ard na Mara, áit a raibh cónaí uirthi, agus ar choiste eagarthóireachta Malahide News.
Saol Polaitíochta
cuir in eagarMhol a máthair di seasamh sa toghchán. Cé go raibh baint ag muintir a máthar leis an bpolaitíocht, ní rud é sin a phléadh, agus dúirt Nora faoin am sin go raibh "an pholaitíocht ag fanacht le tarlú dom". I 1979, toghadh Nora ar chomhairle Contae Baile Átha Cliath. Toghadh Nora mar Teachta Dála de chuid Fhine Gael den chéad uair i 1981 agus bhí sí ag feidhmiú go dtí toghchán 1987 go dtí gur chaill sí a suíochán. An bhliain sin, bhí sí ina ball d'fheidhmeannas Trócaire. D'fhill sí ar Dháil Éireann tar éis olltoghcháin 1989. Ceapadh í mar Leascheannaire Fine Gael sa bhliain 1993. An bhliain dar gcionn, ceapadh í ina hAire Dlí agus Cirt, agus d'fhan sí sa phost sin go dtí 1997.
Aire Dlí agus Cirt
cuir in eagarThug Nóra faoi mhórchlár athchóirithe an dlí choiriúil, lena n-áirítear:
- Leasú bunreachta as a dtagann an tAcht um Bannaí, 1997.
- An tAcht fán mBiúró um Shócmhainní Coiriúla, 1996, an tAcht um Nochtadh -Faisnéise Áirithe le haghaidh Cánachais agus Críocha Eile
- 1996 agus an tAcht um Fháltais ó Choireacht, 1996, a ceapadh chun cosc a chur ar choirpigh a bhaineann tairbhe as coireacht.
Freisin thóg sí scéim tógála isteach chun go mbeadh tógadh agus dearadh déanta ar timpeall 800 áiteanna príosúin. Thóg sí isteach roinnt achtanna eile, mar shampla an An tAcht um Cheartas Coiriúil (1996) i gcoinne gáinneáil ar drugaí, An tAcht Páiste (1997), chun cosaint a thabhairt do pháistí i gcoinne gainnéala agus pornagrafaíocht leanaí agus An tAcht um Chionta Gnéasach (1997).
Saol iarpholaitiúil
cuir in eagarIs é Owen pátrún Chumann Collins 22, a oibríonn chun cuimhne agus oidhreacht Mhichíl Uí Choileáin a choinneáil i gcuimhne bheo. Oibríonn sí ó am go chéile mar thráchtaire toghchánaíochta. I mí Lúnasa 2011, fógraíodh go raibh sí chun an leagan Gaeilge de Mastermind a chur i láthair ar TV3. Bhí sí ina láithreoir ar an gclár tráthúil de chuid TV3, Midweek. Dhírigh an clár níos mó ar scéalta a bhaineann le leas an duine ná ar ábhair idirnáisiúnta agus pholaitiúla.
Féach freisin
cuir in eagarNaisc sheachtracha
cuir in eagarTagairtí
cuir in eagar- ↑ Houses of the Oireachtas (2002-04-23). "Nora Owen – Houses of the Oireachtas" (en-ie). www.oireachtas.ie. Dáta rochtana: 2024-05-12.
- ↑ "Blazing a trail: The 19 female ministers since 1918" (en). The Irish Times. Dáta rochtana: 2024-05-12.
- ↑ Gabrielle Monaghan (2024-05-11). "Fame & fortune: Nora Owen" (en). Dáta rochtana: 2024-05-12.