Cuan Bhaile Átha Cliath Thuaidh (Dáilcheantar)

Is Dáilcheantar 5 suíochán é Cuan Bhaile Átha Cliath Thuaidh .

Bosca Geografaíocht PholaitiúilCuan Bhaile Átha Cliath Thuaidh

Suíomh
Map
Stát ceannasachÉire
Cúige ÉireannachCúige Laighean
Iaraonán críochach riaracháinContae Bhaile Átha Cliath Cuir in eagar ar Wikidata
Sonraí stairiúla
Cruthú2016
Denise Mitchell, 2020
Naoise Ó Muirí (FG), 2013

Toghcháin

cuir in eagar

Olltoghchán 2016

San Olltoghchán 2016, toghadh mar Theachtaí Dála Richard Bruton (Fine Gael), Seán Ó hEochaidh (Fianna Fáil),-, Denise Mitchell (Sinn Féin), Tommy Broughan (I4C) agus Finian McGrath (Nspl). Theip ar Aodhán Ó Ríordáin (Páirtí an Lucht Oibre) agus Cian O’Callaghan (Na Daonlathaigh Shóisialta).

Olltoghchán 2020

San Olltoghchán 2020, toghadh mar Theachtaí Dála Richard Bruton (Fine Gael), Seán Ó hEochaidh (Fianna Fáil), Cian O’Callaghan (Na Daonlathaigh Shóisialta), Denise Mitchell (Sinn Féin) agus Aodhán Ó Ríordáin (Páirtí an Lucht Oibre),

Bhí Denise Mitchell (SF) ar bharr an chomhairimh in 2020 le 21,344 vóta. Toghadh í ar an gcéad chomhaireamh agus 9,400 vóta le spáráil aici.

Sna toghcháin áitiúla 2024, bhí Fianna Fáil agus Fine Gael ar comhleibhéal tacaíochta, thart ar 18%, i gcomparáid le 10% ag iarrthóirí Shinn Féin agus bhí 8% araon ag an Lucht Oibre agus ag an gComhaontas Glas. Ach bhí 19% ar iarrthóirí eile ón eite chlé.[1]

Olltoghchán 2024

San Olltoghchán 2024, bhí roinnt athruithe déanta ar an toghcheantar ó 2020 ach tá an líon céanna suíochán ann. Sheas scór iarrthóirí ag seasamh, ina measc beirt de na Teachtaí Dála a toghadh in 2020: Denise Mitchell (SF) ó Shinn Féin agus Cian O’Callaghan (DS) do na Daonlathaithe Sóisialta. Triúr den dream a toghadh in 2020, ní raibh siad san iomaíocht: d'éirigh Richard Bruton (FG) agus Seán Haughey (FF) as, agus chuaigh Aodhán Ó Ríordáin, FPE, go Parlaimint na hEorpa.[1]

Sa deireadh thiar thall, toghadh in 2024 Denise Mitchell (SF), Naoise Ó Muirí (FG), Barry Heneghan (Nspl), Tom Brabazon (FF) agus Cian O'Callaghan (DS).

Féach freisin

cuir in eagar
  1. 1.0 1.1 Donncha Ó hÉallaithe (27 Samhain 2024). "Cathanna suimiúla romhainn i gcathair Bhaile Átha Cliath agus polaiteoirí mór le rá i gcontúirt" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2024-11-27.