Aodhán Ó Ríordáin
Is iar-Theachta Dála do Bhaile Átha Cliath Thuaidh-Lár é Aodhán Ó Ríordáin (a rugadh ar an 22 Iúil 1976). Toghadh é mar fheisire i bParlaimint na hEorpa, ar son Pháirtí an Lucht Oibre, do Bhaile Átha Cliath sa bhliain 2024.[1] Is iar-urlabhraí Gaeilge de chuid Pháirtí an Lucht Oibre é.
Beatha
cuir in eagarRinne Ó Ríordáin staidéar ar an nGaeilge agus ar an stair ar Choláiste na hOllscoile BÁC. Is iarmhúinteoir é. Tá Ó Ríordáin pósta ar Áine Kerr, iriseoir as an Irish Independent.
Toghadh é mar TD don chéad uair i 2011. Sheas sé san Olltoghchán 2016, ach chaill sé a shuíochán. Bhain sé áit amach mar Sheanadóir ar an An Rolla Tionscail Agus Tráchtála.
D'éirigh leis a shuíochán Dála a bhuaigh ar ais in Olltoghchán na bliana 2020 sa Dáilcheantar Cuan Bhaile Átha Cliath Thuaidh.
Sa bhliain 2024, bhuaigh sé an ceathrú suíochán sna toghcháin Eorpacha i mBÁC.[1]
Gaeilge
cuir in eagarTá Gaeilge líofa aige. Ó ham go ham déanann sé agallaimh le Nuacht RTÉ nó Nuacht TG4, as Gaeilge.
Féach freisin
cuir in eagarTagairtí
cuir in eagar- ↑ 1.0 1.1 Nuacht RTÉ (2024-06-11). "Daly & Cuffe curtha as an iomaíocht sna toghcháin Eorpacha i mBÁC" (as ga-IE).