Oidheadh Chlainne Uisnigh

finscéal sa Rúraíocht

Is cuid de chnuasach laochscéalta na Rúraíochta é Oidheadh Chlainne Uisnigh. Téann an scéal siar go dtí 6ú haois, ach scríobhadh an leagan leis an teideal úd as Nua-Ghaeilge Moch.[1]

Scéal tragóideach is ea é faoin ógbhean Deirdre, a bhí roghnaithe mar chéile ag Conchúr mac Neasa, ach a d'éalaigh le Naoise go hAlbain. Tar éis tamaill, d'iarr Conchúr ar Naoise agus a dheartháireacha, clann Uisnigh, teacht ar ais go hÉirinn go dtuga sé mathúnais dóibh. Maraíodh na deartháireacha go fealltach chomh luath agus a shroich siad príomhchathair an rí, Eamhain Mhacha. Léim Deirdre as carbad an rí agus rinneadh smidiríní dá ceann in aghaidh carraige.

Féach freisin

cuir in eagar