Ola Majekodunmi

craoltóir, gníomhaí Gaeilge agus scannánóir Éireannach

Craoltóir, gníomhaí Gaeilge agus scannánóir Éireannach is ea Ola Majekodunmi.

Infotaula de personaOla Majekodunmi
Beathaisnéis
BreithLagos Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
Scoil a d'fhreastail sé/síColáiste Íosagáin Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmpearsa raidió Cuir in eagar ar Wikidata
TeangachaAn Ghaeilge

Twitter: olamajekodunmi1 Cuir in eagar ar Wikidata

Saol cuir in eagar

Rugadh Majekodunmi in Lagos, an Nigéir. D'aistrigh an teaghlach go hÉirinn chun tearmann a iarraidh agus í seacht míonna d'aois. D'fhreastail sí ar Ghaelscoil Lios na nÓg agus ar Choláiste Íosagáin. Tá céim sa Bhéarla, na meáin agus staidéar cultúrtha aici agus fuair sí Máistreacht sa Léiriúchán Craolacháin Digiteach in Institiúid Ealaíona, Dearadh agus Teicneolaíochta Dhún Laoghaire.[1]

Thosaigh sí ag obair mar láithreoir raidió ar Raidió na Life in 2014 ar an gclár Seinnliosta an tSathairn. Anois cuireann sí an clár Afra-Éire i láthair agus tá sí ina haoichuiditheoir ar RTÉ Raidió na Gaeltachta, RTÉ a Dó agus RTÉ 2XM. Tá sí ar na daoine is mó a sholáthraíonn ábhar don phodchraoladh Motherfoclóir a chuireann Darach Ó Séaghdha amach, agus bhí sí ar an gclár Pantisocracy ar RTÉ a hAon le Panti.

In 2018 stiúir sí an gearrscannán What does Irishness Look Like? chun léargas a thabhairt ar chlaontuairimí agus ar cheisteanna féiniúlachta in Éirinn. Is comhbhunaitheoir í de "Beyond Representation", tionscadal chun mná de chine daite a thabhairt le chéile agus aitheantas a thabhairt dóibh.

Tá trácht déanta ag Majekodunmi ar fhadhbanna ciníochais in Éirinn agus ar théarmaí míchuí i nGaeilge ar dhaoine gorma.[2][3]

Tagairtí cuir in eagar

  1. "Raidió na Life". www.raidionalife.ie. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2020-06-11. Dáta rochtana: 2020-06-11.
  2. Siún Ní Dhuinn (2018-02-01). "Cad is brí le 'colourism'?" (as Gaeilge). 
  3. "Duine dubh nó duine gorm? Cén dath sin ar do chraiceann?" (Gaeilge). Tuairisc.ie.