Ourense
Is cathair í Ourense i gComhphobal féinrialaitheach na Gailíse in iarthuaisceart na Spáinne, agus is í príomhchathair an chúige Ourense sa Ghailís. Tá thart ar 105, 600 daoine ina gcónaí ann; sé sin 30% de dhaonra an chúige ar fad.
Ourense | |||||
---|---|---|---|---|---|
|
|||||
Suíomh | |||||
| |||||
Stát ceannasach | an Spáinn | ||||
Comhphobal féinrialaitheach de chuid na Spáinne | an Ghailís | ||||
Cúige de chuid na Spáinne | Ourense | ||||
Príomhchathair de | |||||
Príomhchathair | Ourense | ||||
Daonra | |||||
Iomlán | 104,891 (2024) | ||||
• Dlús | 1,231.12 hab./km² | ||||
Tíreolaíocht | |||||
Cuid de | Ourense (en) | ||||
Achar dromchla | 85.2 km² | ||||
Suite i nó in aice le limistéar uisce | Abhainn Minho | ||||
Airde | 145 m | ||||
Ar theorainn le | |||||
Sonraí stairiúla | |||||
Éarlamh | Mairtín de Tours | ||||
Eagraíocht pholaitiúil | |||||
• Méara Ourense | Gonzalo Pérez Jácome (2019–) | ||||
Aitheantóir tuairisciúil | |||||
Cód poist | 32001–32005 | ||||
Lonnaithe i gcrios ama | |||||
Glaochód | 988 | ||||
INE code (en) | 32054 | ||||
Eile | |||||
Suíomh gréasáin | ourense.gal… | ||||
Stair
cuir in eagarBunaíodh an baile in aois na Rómhánaigh. Áit mhaith ab ea é le cosaint bealach thar an abhainn Miño. Tar éis na Rómhánach, bhí sé mar chuid den Ríocht Suebi ón 5ú haois go dtí an 7ú haois, go dtí gur ghabh agus gur mhill na Múraigh é sa bhliain 716. Rinne Alfonso III atógáil ar an áit timpeall na bliana 877. Chuir ionsaí na Normannach agus na nArabach Al-Mansur meath leis an gcathair arís. Bhí sé ar ais mar chathair thábhachtach faoi réim Sancho II agus a dheirfiúr Doña Elvira sa 11ú haois.
Tuarasóireacht
cuir in eagarIs féidir an chathair a roinnt i dtí chuid ag taispeáint forbairt na cathrach de réir aoiseanna éagsúla; an mheánaois, an 19ú haois agus an lá atá inniu ann. Mar aon le formhór cathair agus bailte na Spáinne tá an Plaza Mayor mar anam na cathrach. Is í an Ard-Eaglais an foirgneamh is tábhachtaí sa chathair. Is í an dara ard-eaglais is sine sa Ghailís (bunaíodh é sa bhliain 572, agus atógadh í sa 13ú haois. Tá stíl Rómhánúil ann, chomh maith le stíl Ghotach freisin.
Tá droichead iontach ag dul thar an abhainn Miño, mar atá, an Ponte Vella. Thóg na Rómhánaigh ar dtús é, agus rinne an t-easpag Lorenzo atógáil air sa bhliain 1230.
Barallete
cuir in eagarBhain lucht líofóra na sceana agus lucht na scáthanna fearthainne úsáid as argot darbh ainm Barallete, ba bhéarlagair é seo inar úsáideadh focail nuachumtha nár thuig aon duine eile in ionad gnáthfhocal.
Tagairtí
cuir in eagarIs síol faoi thíreolaíocht na Spáinne é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |