An Páirtí Daonlathach Liobrálach

páirtí polaitíochta sa Ríocht Aontaithe

Páirtí polaitiúil sa Ríocht Aontaithe is ea an Páirtí Daonlathach Liobrálach. Tá 14 tsuíochán acu as na 650 ceann atá i dTeach na dTeachtaí, teach tofa Pharlaimint na Breataine. Is é Ed Davey atá ina cheannaire ar an bpáirtí i láthair na huaire. Tá comhaontas idir an bpáirtí agus Páirtí Comhghuaillíochta Thuaisceart Éireann.

Bosca Sonraí EagraíochtaAn Páirtí Daonlathach Liobrálach
(en) Liberal Democrats Cuir in eagar ar Wikidata
lang=ga
Cuir in eagar ar Wikidata
Sonraí
Ainm gearrLib Dem Cuir in eagar ar Wikidata
Cineálpáirtí polaitíochta Cuir in eagar ar Wikidata
Idé-eolaíocht pholaitíochtaliobrálachas sóisialta
Eorpachas
liobrálachas Cuir in eagar ar Wikidata
Ailíniú polaitíochtaar chlé ón lár
lárnachas Cuir in eagar ar Wikidata
Foirm dlí
Dáta a bunaíodh3 Márta 1988, Londain Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Ball deAlliance of Liberals and Democrats for Europe Party (en) Aistrigh
Liberal International (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Ballraíocht98,247 (2020) Cuir in eagar ar Wikidata
Rialachas corparáideach
Ceanncheathrú
UachtaránachtNick Clegg (2007–2015)
Tim Farron (en) Aistrigh (2011–2014)
Sal Brinton (en) Aistrigh (2015–2020)
Tim Farron (en) Aistrigh (2015–2017)
Vince Cable (2017–2019)
Jo Swinson (2019–2019)
luach ar iarraidh (2019–2020)
Mark Pack (en) Aistrigh (2020–)
Ed Davey (en) Aistrigh (2020–) Cuir in eagar ar Wikidata
ÓgeagraíochtLiberal Youth (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Le cuid
Eile
Dath     Cuir in eagar ar Wikidata

Suíomh gréasáinlibdems.org.uk Cuir in eagar ar Wikidata
Twitter: LibDems Cuir in eagar ar Wikidata

Thacaigh an páirtí go láidir le ballraíocht na Ríochta Aontaithe san Aontas Eorpach le linn feachtas an reifrinn Bhreatimeachta agus ina ndiaidh an reifrinn sin. Tacaíonn an páirtí le níos mó caithimh ar an tSeirbhís Náisiúnta Sláinte agus ar an oideachas, le hardú ar an gcáin ioncaim chun íoc as sin, agus le cur i bhfeidhm na hionadaíochta cionmhaire i ngach toghchán náisiúnta agus áitiúil sa Ríocht Aontaithe.[1]

I rialtas na Breataine Bige cuir in eagar

Bhí an Páirtí Daonlathach Liobrálach páirteach i Rialtas na Breataine Bige, feidhmeannacht díláraithe laistigh den Ríocht Aontaithe, i gcomhrialtas le Páirtí an Lucht Oibre idir 2016 agus 2021. Bhí ceannaire an pháirtí sa Bhreatain Bheag, Kirsty Williams, ina haire oideachais le linn an trátha seo. I measc na ndlithe nua a thug an rialtas sin isteach, tá cosc ar phollaidh dlúthphearsanta do dhaoine faoi bhun 18 mbliana[2]; cosc ar chaitheamh tobac taobh amuigh de scoileanna agus ospidéil[3]; leathnú cearta vótála, vótaí do dhaoine 16 bliana sna toghcháin áitiúla ina measc sin[4]; agus rialacha chun tacú le saoirse agus inscne-neodracht na gculath scoile[5].

Pobalbhreitheanna cuir in eagar

 
Pobalbhreitheanna don chéad olltoghchán eile. I bhflannbhuí atá na Daonlathaithe Liobrálacha.

Ó tharla Olltoghchán na Ríochta Aontaithe 2019, is idir 6% agus 15% d'fhreagarthóirí i bpobalbhreitheanna sa Bhreatain a deir go vótálfaidís ar son an pháirtí dá mbeadh olltoghchán an lá amárach.[6][7]

Féach freisin cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar

  1. http://www.libdems.org.uk/.+"Our at-a-glance manifesto" (en). Liberal Democrats. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2018-09-05. Dáta rochtana: 2018-09-21.
  2. Steven Morris (2018-02-02). "'It’s stupid': young people on Wales' intimate piercing ban" (en-GB). The Guardian. Dáta rochtana: 2019-08-26.
  3. Steven Morris (2018-05-24). "Wales to ban smoking outside hospitals and schools in UK first" (en-GB). The Guardian. Dáta rochtana: 2019-08-26.
  4. Steven Morris (2018-01-28). "Over-16s to get voting rights in some Welsh elections" (en-GB). The Guardian. Dáta rochtana: 2019-08-26.
  5. Richard Adams Education editor (2019-07-10). "Welsh schools to offer cheaper uniforms with gender-neutral options" (en-GB). The Guardian. Dáta rochtana: 2019-08-26.
  6. "2022 General Election Polls - Election Polling". www.electionpolling.co.uk. Dáta rochtana: 2019-02-23.
  7. "UK Polling Report". ukpollingreport.co.uk. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2018-10-17. Dáta rochtana: 2018-10-20.