Pablo Escobar

tiarna drugaí Colómach

Ba tiarna agus gáinneálaí drugaí Colómach é Pablo Emilio Escobar Gaviria, a rugadh ar an 1 Nollaig 1949 agus fuair bás ar an 2 Nollaig 1993. Bhí sé ina bhunaitheoir agus ina aon-cheannaire ar an gCairtéal Medellín.

Pablo Escobar
Pablo Escobar Mug.jpg
stiúrthóir


member of the Chamber of Representatives of Colombia (en) Aistrigh

Iúil 20, 1982 - Deireadh Fómhair 26, 1983
Toghchán: 1982 Colombian parliamentary election (en) Aistrigh
Saol
Ainm iomlán Pablo Emilio Escobar Gaviria
Eolas breithe Rionegro, 1ú Nollaig 1949
Náisiúntacht An Cholóim
Áit chónaithe Matienzo (en) Aistrigh
Teanga dhúchais An Spáinnis
Bás Medellín, 2 Nollaig 1993
Áit adhlactha Medellín
Cúis bháis  (tráma balaistíoch)
Maraithe ag Search Bloc (en) Aistrigh
Muintir
Céile/Céilí María Isabel Marieta  (Márta 1976 -  Nollaig 2, 1993)
Páirtí/Páirtithe María Isabel Marieta
Páistí
Siblíní
Oideachas
Teangacha An Spáinnis
Gairm
Gairm tiarna drugaí agus polaiteoir
Ballraíocht Cairtéal Medellín
Sloinnte El Patrón, Don Pablo, El Padrino, El Tutur, El Diablo, El Mágico, El Zar de la Cocaína, El Duro, El Baron agus El Doctor
Cleamhnú
Reiligiúin Eaglais Chaitliceach Rómhánach
Páirtithe polaitíochta Partido Liberal Colombiano
IMDb nm1389257
Pablo Escobar signature.svg

"Rí an Chócaoin" a bhaisteadh ar Escobar. Nuair a bhí sé i mbarr a mhaitheasa, ba é sholáthraigh 80% de chócaon an domhain, rud a rinne an coirpeach is saibhre riamh de agus duine de na daoine is saibhre ar domhan.[1]

Bhí nach mór dearbhmhonaplacht aige ar an gcócaon ag dul suas go dtí Stáit Aontaithe Mheiriceá le linn na 1980í agus tús na 1990í.

1977

SaolCuir in Eagar

Saolaíodh i Rionegro agus tógadh i Medellín é, an dara chathair is mó sa Cholóim. Chaith Escobar seal beag ina mhac léann in Autónoma Latinoamericana Medellín.

 
1989

Ach níor thaitin an gnáthshaol leis agus niorbh fhada gur thit sé isteach le mioncoirpigh eile. Thosaigh Escobar ag díol toitíni neamhdhleathacha agus ticéid chrannchuir bhréaga agus ag goideadh gluaisteán. Sna luath-sheachtóidii, thosaigh sé ag fuadach giall chun airgead a bhaint amach.

Gáinneáil ar dhrugaíCuir in Eagar

Chuir Escobar an 'Cairtéal Medellín' ar bun sa bhliain 1976. An phríomhrud a bhí a bhí idir láimhe acu ná púdar cócaoin a dáileadh i dtreo na Stát Aontaithe, ar na céad bealaigh smuigleála riamh.

 
1992

Bhí margadh ollmhór nua ann ó thuaidh agus cothaíodh an-éileamh sna S-A gan mórán moill. Meastar go raibh idir seachtó agus ochtú tonna den druga á thabhairt aníos ar bhonn miosúil. Níl ábhar iontais é gur cruthaíodh idir uafás an anbhá i súile an rialtais na S-A - lear mór den druga ar sráideanna na tíre agus an trodaíocht fuillteach a bhain leis sa Chólóim. Saol galánta agus saibhir a bhí ag Escobar, ar thaobh amháin, ach bhíodh sé de shíor ag dul i ngleic le cairtéal nua eile, fórsaí cosanta na Colóime agus an CIA. Cé gur narcasceimhlitheoir brúidiúl amach is amach a bhí ann, ba laoch de short é i measc a phobail féin, áfach, agus airgead á chaitheamh aige ar ospidéil, scoileanna, séipéil agus foirne/áiseanna sacair.[2]

BásCuir in Eagar

 
2 Nollaig 1993

Sa bhliain 1991, ghéill Escobar agus gearradh 5 bliana príosún air. Rinne sé socrú leis an Uachtarán Cesar Gaviria a chinntigh nár eiseachadadh é, agus go mbeadh sé de cheart aige an pionós a chaitheamh i ndaingean dá chuid féin (La Catedral).

Sa bhliain dár gcionn, áfach, rinne na húdaráis iarracht é a athlónnu i gnáthphriosún. D'éaláigh sé le linn na troda agus theith sé. Mharaigh Póilíní Náisiúnta na Colóime é ar 2 Nollaig 1993.

 
Mac Escobar, Sebastián Marroquín, agus cáinteoir

Féach freisinCuir in Eagar

TagairtíCuir in Eagar

  1. Breandán M Mac Gearailt (2021). "Cuntas spleodrach fíorshuimiúil faoi iarracht Pablo Escobar a chur de dhroim seoil." (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2021-12-02.
  2. Breandán M Mac Gearailt (2015). "Scéinséir gnásúil le bithiúnach ón bhfíorshaol" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2021-12-03.