Pat McCourt
Is imreoir sacair Éireannach Tuaisceartach é Patrick James "Paddy" McCourt (rugadh 16 Nollaig 1983 é i Doire), a imríonn leis na Ceiltigh. Is deartháir é le Harry McCourt, iar-thosaí Derry City.
Pat McCourt | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|
![]() | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
Saol | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
Eolas breithe | Doire, 16 Nollaig 1983 (39 bliain d’aois) | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
Náisiúntacht | An Ríocht Aontaithe | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
Oideachas | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
Teangacha | an Béarla | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
Gairm | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
Gairm | imreoir sacair | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
| |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
Ionad nó speisialtacht | wing half (en) ![]() | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
Uimhir spóirt | 15 | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
Meachán | 70 kg | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
Airde | 182 cm |
GairmréimCuir in Eagar
RochdaleCuir in Eagar
Fuair McCourt a chuid oideachais i mbunscoil Steelstown i nDoire Cholmcille. Thosaigh sé a ghairmréim le haistriú ó Foyle Harps Y.F.C.go Rochdale A.F.C. ar chonradh ógánaigh.
Shamrock RoversCuir in Eagar
Shínigh Roddy Collins, bainisteoir Shamrock Rovers, é ó Rochdale sa bhliain 2005. B'imreoir é a raibh an-ghean air le leantóirí Rovers ach bhí deacrachtaí airgid acu agus b'éigean dóibh McCourt a dhíol ar deireadh. Shínigh sé ansin le club a bhaile dúchais, Derry City F.C., ar tháille a measadh a bheith timpeall £60,000.
Derry CityCuir in Eagar
Scóráil McCourt 6 chúl i 31 chluiche do City le linn séasúr 2007 agus bhuaigh sé bonn Chorn Sraithe an FAI. Bhí West Bromwich Albion tar éis suim a thaispeáint san imreoir agus d'fhógair Derry City i Meitheamh 2008 gur tháinig siad ar chomhaontas leis an fhoireann a bhí tar éis ardú céime go dtí an Premier League a bhaint amach.
CelticCuir in Eagar
I Meitheamh 2008, tháinig tuairiscí ar an tsaol gur shocraigh Derry City táille le Celtic agus thaistil McCourt go Glaschú le haghaidh na téarmaí a dhearbhú agus scrúdú dochtúra a fháil i gcampa traenála na gCeilteach i Lennoxtown. Shocraigh West Brom ar tháille idir iad féin, McCourt agus Derry City roimhe sin ach b'fhearr le McCourt aistriú go dtí an club ar thacaigh sé leis agus é ina ógánach. Ar an 19 Meitheamh 2008 d'fhógair Celtic gur shínigh McCourt leis an chlub ar tháille neamh-luaite i ndiaidh socrú ar chonradh trí bliana. Ar 8 Iúil 2008 d'fhógair bainisteoir Thuaisceart Éireann Nigel Worthington go raibh sé chun McCourt a thabhairt ar ais don scuaid idirnáisiúnta.
TagairtíCuir in Eagar
Naisc sheachtrachaCuir in Eagar
{Síol}}