Paul Givan
Is feisire Stormont é Paul Givan (a rugadh ar 12 Deireadh Fómhair 1981) do thoghcheantar Ghleann an Lagáin i dTuaisceart Éireann.
I mí an Mheithimh 2021, bhí Givan ainmnithe mar Chéad-Aire an Tuaiscirt ag ceannaire an DUP Edwin Poots. D'éirigh go leor comhaltaí sinsearacha den DUP as an bpáirtí ag an am sin - ionadaithe tofa ina measc - tar éis do Edwin Poots agus a lucht tacaíochta an ruaig a chur ar Arlene Foster.[1] D'éirigh Givan as a ról mar Chéad-Aire Thuaisceart Éireann ar 3 Feabhra 2022.
Ceapadh Givan ina Aire Oideachais ar an 3 Feabhra 2024.[2]
Gairm
cuir in eagarTá Paul Givan ina bhall tionóil ó 2010, nuair a ceapadh é in áit Jeffrey Donaldson a toghadh ina fheisire parlaiminte.
Baineann Givan leis an eite choimeádach chéanna den DUP le Edwin Poots, ar chabhraigh Givan leis sa toghchán ceannaireachta sa pháirtí sa bhliain 2021.[3]
Thacaigh Givan cheana le múineadh an chruthaíochtachais i scoileanna.
Ceapadh Givan mar Aire Pobal sa bhliain 2016.
Céad-Aire Thuaisceart Éireann
cuir in eagarD'éirigh Givan as mar Chéad-Aire Thuaisceart Éireann ar 3 Feabhra 2022.. Bhí an cinneadh seo ceangailte le hagóid leanúnach an DUP i gcoinne phrótacal Thuaisceart Éireann. Roimhe seo, d’ordaigh an tAire Talmhaíochta, Edwin Poots, cosc ar sheiceálacha iar-Brexit ag calafoirt an Tuaiscirt .[4]
Gaeilge agus oideachas
cuir in eagarIn 2016, chinn Paul Givan, mar Aire Pobal, deireadh a chur leis an sparánacht Ghaeltachta Líofa in ainneoin gur chuir oifigeach sinsearach ina Roinn ar a shúile dó go bhféadfadh a leithéid de chinneadh droch-cháil a tharraingt air sna meáin chumarsáide.[5]
Ansin bhí baint ag an gcinneadh eo a rinne Givan leis an aighneas idir Sinn Féin agus an DUP ó 2016 ar aghaidh; ba chúis é le titim an fheidhmeannais i Stormont sa bhliain 2017. Chuir an cinneadh deireadh a chur leis an sparánacht Ghaeltachta déistin ar phobal na Gaeilge.[6]
Dearcadh nua i 2021
cuir in eagarBhí imní ar roinnt daoine go gcuirfí Feidhmeannas Stormont i mbaol arís sa bhliain 2021 dá gceapfaí Paul Givan ina chéad-aire. Ach bhí gealltanais tugtha ag ceannairí nua an DUP go dtabharfadh siad isteach an reachtaíocht teanga a gealladh sa chomhaontú faoinar athbhunaíodh Stormont, Ré Nua, Cur Chuige Nua (New Decade, New Approach).[3]
Chosain Paul Givan fiú an reachtaíocht teanga ó aontachtóirí a mhaígh gurb amhlaidh go raibh Edwin Poots agus an DUP ag géilleadh go bog don éileamh ar acht Gaeilge.
2024
cuir in eagarCeapadh Givan ina Aire Oideachais ar an 3 Feabhra 2024.[2] Dúirt Givan sé) go gcaithfeadh sé le gaelscoileanna amhail gach earnáil eile.
Bhuail sé leis an gComhairle Pobail Dhílseacha i mí Mheán Fómhair 2024.[7][8] Bhí an CPD ag cur go láidir in aghaidh bunscoil Ghaeilge a bhunú in oirthear Bhéal Feirste ag an am. Tuigtear gur chuir an LCC a ndearcadh ar an gceist in iúl do Givan sa chruinniú.
Féach freisin
cuir in eagarTagairtí
cuir in eagar- ↑ Nuacht RTÉ (2021-06-08). "Paul Givan ainmnithe mar Chéad-Aire ó thuaidh" (as ga).
- ↑ 2.0 2.1 "Lá stairiúil ar Chnoc an Anfa agus Michelle O’Neill tofa ina Céad-Aire" (ga-IE). Tuairisc.ie (2024-02-03). Dáta rochtana: 2024-09-30.
- ↑ 3.0 3.1 "Paul Givan le teacht i gcomharbacht ar Arlene Foster mar Chéad-Aire" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2021-06-11.
- ↑ Conradh na Gaeilge, Londain (5/2/2022). "5 Feabhra 2022 (Baile Átha Cliath) - Nuacht Mhall (podcast)" (ga). Listen Notes. Dáta rochtana: 2022-02-13.
- ↑ "Fáilte curtha roimh fhiosrúchán faoi chinneadh Paul Givan deireadh a chur le sparánacht Líofa" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2021-06-11.
- ↑ Maitiú Ó Coimín (2017). "Sparánacht ‘Líofa’ curtha ar fáil arís ag Givan ach ‘an dochar déanta’" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2021-06-11.
- ↑ Póilín Ní Chiaráin (29 Meán Fómhair 2024). "Scoil na Seolta agus an sean-DUP frithGhaeilge" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2024-09-30.
- ↑ Newsletter (2024-09-26). "The Loyalist Communities Council (LCC) hits back at critics after objecting to new Irish language school in east Belfast". web.archive.org. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2024-09-26. Dáta rochtana: 2024-09-30.