Paul Nitze
Ardoifigeach i rialtas na Stát Aontaithe faoi roinnt uachtarán ab ea Paul Henry Nitze (16 Eanáir 1907 – 19 Deireadh Fómhair 2004). Bhí ról tábhachtach aige i gcruthú bheartas chosanta na tíre úd le linn an Chogaidh Fhuair.
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | 16 Eanáir 1907 Amherst, Massachusetts |
Bás | 19 Deireadh Fómhair 2004 97 bliana d'aois Georgetown, SAM |
Siocair bháis | Niúmóine |
Leas-Rúnaí Cosanta na Stát Aontaithe | |
1 Iúil 1967 – 20 Eanáir 1969 ← Cyrus Vance – David Packard → | |
Rúnaí an Chabhlaigh de chuid na Stáit Aontaithe | |
29 Samhain 1963 – 30 Meitheamh 1967 ← Paul B. Fay – Charles F. Baird (en) → | |
Faisnéis phearsanta | |
Scoil a d'fhreastail sé/sí | Ollscoil Harvard University of Chicago Laboratory Schools (en) Scoil Hotchkiss |
Gníomhaíocht | |
Réimse oibre | Polaitíocht |
Gairm | polaiteoir, taidhleoir |
Fostóir | Ollscoil Johns Hopkins |
Ball de pháirtí polaitíochta | an Páirtí Daonlathach |
Ball de | |
Teangacha | Béarla |
Gradam a fuarthas | |
Rugadh Nitze in Amherst, Massachusetts, sna Stáit Aontaithe. Ollamh le teangacha Rómánsacha ab ea a athair ag Amherst College agus ní ba dhéanaí ag Ollscoil Chicago. B'as réigiún Magdeburg sa Ghearmáin dá mhuintir agus ba mhó an tionchar air an cúlra cultúrtha sin.
I ndiaidh a chéim bhaitsiléara a bhaint amach in Ollscoil Harvard sa bhliain 1928, chuaigh sé leis an mbaincéireacht infheistíochta. D'éirigh sé neamhspleách ó thaobh teacht isteach de i ndiaidh a chuid de shaotharlann chógaisí a dhíol le Revlon. Ghlac sé bliain shaor chun staidéar iarchéime ar an socheolaíocht, fealsúnacht agus dlí bhunreachtúil agus idirnáisiúnta a dhéanamh.
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |