Paul Schuster
scríbhneoir Gearmáinise ón Rómáin
Scríbhneoir Gearmáinise ón Rómáin ab ea Paul Schuster. Rugadh i Sibiu (Gearmáinis: Hermannstadt) sa bhliain 1930, agus fuair sé bás i mBeirlín ar an 5 Bealtaine 2004. Scríobh sé mór-úrscéal, nó sraith úrscéalta beaga, faoin teideal Fünf Liter Zuika, inar chardáil sé saol an mhionlaigh Ghearmánaigh sa Rómáin ó na laethanta i ndeireadh an Chéad Chogadh Domhanda, nuair a thit an cúige leis an Rómáin, go deireadh an Dara Cogadh Domhanda.
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | (de) Kurt Haller 20 Feabhra 1930 Sibiu, An Rómáin |
Bás | 5 Bealtaine 2004 74 bliana d'aois |
Áit adhlactha | Friedhof Schöneberg III |
Faisnéis phearsanta | |
Scoil a d'fhreastail sé/sí | Coláiste Náisiúnta Samuel von Brukenthal |
Áit chónaithe | Beirlín Thiar |
Gníomhaíocht | |
Gairm | iriseoir, scríbhneoir, scríbhneoir próis, múinteoir scoile |
Fostóir | Neue Literatur Neuer Weg |
Ball de | |
Teangacha | An Ghearmáinis agus an Rómáinis |
Teaghlach | |
Céile | Ana Novac Edith Gross (1961–) |
Bhí sé cairdiúil leis an scríbhneoir Lucsamburgach Josy Braun, agus é den bharúil go raibh a chanúint - canúint Shacsanach na Trasalváin - iontach cosúil leis an Lucsambuirgis. I ndiaidh dó aistriú go Beirlín, ba mhinic a thagadh Schuster ar cuairt go Lucsamburg.[1]
Tagairtí
cuir in eagar- ↑ "Cóip cartlainne". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2008-12-01. Dáta rochtana: 2009-11-18.
Léigh freisin
cuir in eagar- Schuster, Paul: Fünf Liter Zuika. Roman in sieben Teilen. Schiller Verlag, Hermannstadt/Sibiu, An Rómáin 2009. ISBN 978-3-941271-14-2