Phillis Wheatley
File Meiriceánach ab ea Phillis Wheatley (t. 1753 – 5 Nollaig 1784). An chéad duine Afrai-Mheiriceánach ar foilsíodh a saothar liteartha a bhí inti.
Phillis Wheatley | |
---|---|
![]() | |
Saol | |
Eolas breithe | Senegambia (en) ![]() |
Náisiúntacht | Stáit Aontaithe Mheiriceá |
Áit chónaithe | Bostún |
Grúpa eitneach | Meiriceánaigh Afracacha |
Bás | Bostún, 5 Nollaig 1784 |
Áit adhlactha | Copp's Hill Burying Ground (en) ![]() |
Cúis bháis | (neamhoird seoil) |
Oideachas | |
Teangacha | an Béarla An Ghréigis An Laidin |
Gairm | |
Gairm | file agus scríbhneoir |
Saothar iomráiteach | Poems on Various Subjects, Religious and Moral (en) ![]() |
Cleamhnú | |
Reiligiúin | An Eaglais Chomhthionólach |
Discogs ID | 1928843 |
![]() |
Rugadh Whearley timpeall na bliana 1753 san Afraic Thiar. Rinneadh sclábhaí di ina aois a 7 mbliana agus cuireadh go Meiriceá í. I mBostún, Massachusetts, cheannaigh ceannaí darbh ainm John Wheatley í mar shearbhónta dá bhean chéile. San áit agus san am úd ba ghnách sloinne a úinéara a thabhairt ar sclábhaí sa chás go raibh sloinne ag teastáil. Phillis a tugadh uirthi i mBéarla mar tugadh go Meiriceá í i long darbh ainm an Phillis.
Thug iníon an teaghlaigh ceachtanna léitheoireachta agus scríbhneoireachta di. Nuair a thuig an teaghlach a chliste agus a bhí sí, tugadh tuilleadh oideachais di. Rinne sí staidéar ar an nGréigis agus Eabhrais.
Fuair sí a saoirse ar bhás John Wheatley. Phós sí agus rug sí leanbh. Cuireadh a fear céile, John Peters, i bpríosún de bharr a chuid fiacha. D'éirigh Phillis tinn agus John sa phríosún, agus d'éag sí. Fuair a leanbh bás trí huaire go leith ina dhiaidh sin.
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |