Phoenix, Arizona
Is é Phoenix an phríomhchathair Arizona sa Stáit Aontaithe Mheiriceá. Is é freisin an 5ú cathair is mó daonra sa tír, agus an chathair is mó sa stát. Tá sí ar an bpríomhchathair stáit is mó daonra i Meiriceá agus an 3ú cathair is mó achair sa tír (tá Juneau, Alasca agus Cathair Oklahoma níos mó). Sa bhliain 2016, bhí 1,615,017 duine ina gcónaí sa chathair, agus bhí 4.3 milliíun duine san achar ardchathrach (sa bhliain 2010). Is é an príomhchathair stáit amháin le daonra níos mó ná aon mhilliún cónaitheoirí. Tá Phoenix suite i gContae Maricopa, i lár an stáit.

Phoenix | |
![]() | |
---|---|
![]() | |
Rialtas | |
Tír | ![]() |
Stát | Arizona |
Méara | Greg Stanton (D) |
Déimeagrafaic | |
Achar | 1,334.1 km² |
Daonra | 1,552,259 (2007) |
Dlús daonra | 1,188.4/km² |
Crios ama | MST (UTC-7) |
www.phoenix.gov |
AeráidCuir in Eagar
Tá aeráid Phoenix te agus tirim. Meán-uasteocht an lae 40.0 °C (104.0 °F) i mí Iúil agus meán-íosteocht na hoíche 6.1 °C (43.0 °F) i mí Eanair. Is iad 50.0 °C (122.0 °F) an teocht is airde riamh sa chathair agus -8.3 °C (17.0 °F) an teocht is ísle ó thosach annálacha na haimsire.
Ean | Fea | Már | Aib | Bea | Mei | Iúl | Lún | MFr | DFr | Sam | Nol | Blian | ||
---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|
Meán-uasteocht an lae (°C) | 18.3 | 20.5 | 23.3 | 28.3 | 33.3 | 38.8 | 40.0 | 38.8 | 36.1 | 30.0 | 22.7 | 18.3 | 27.1 | |
Meán-íosteocht na h-oíche(°C) | 6.1 | 8.3 | 10.5 | 14.4 | 18.8 | 23.8 | 27.2 | 26.6 | 23.8 | 17.2 | 10.0 | 6.7 | 13.3 | |
Foinse: National Climatic Data Center |