Banna rac-cheoil, nó rac malartach, as Stáit Aontaithe Mheiriceá é Pixies. Bhailigh an banna fuaimeanna punc-rac agus ceol traidisiúnta le chéile, chun a stíl sainiúil féin a chruthú. Níor bhain an banna aon rath mór amach ar dtús, ach d'imir siad tionchar mór ar a lán bannaí a tháinig ar an bhfód níos déanaí. Cumadóir an-tréitheach é Black Francis, agus bhí cáil aige mar cheoltóir ina aonar chomh maith. Cé gur bhanna beag neamhspleách a bhí ann, tá a dtionchar le cloisteáil fós i rac-cheol nua-aimseartha.

Bosca Sonraí EagraíochtaPixies
lang=ga
Cuir in eagar ar Wikidata
Sonraí
Cineálbanna ceoil Cuir in eagar ar Wikidata
Foirm dlí
Dáta a bunaíodh1986, Bostún Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Tréimhse oibre1986 –
Lipéad ceoil4AD
Elektra Cuir in eagar ar Wikidata
SeánraRac malartach agus rac indie Cuir in eagar ar Wikidata
Faoi thionchar
Le cuid

Suíomh gréasáinpixiesmusic.com Cuir in eagar ar Wikidata
IMDB: nm0686139 Facebook: pixiesofficial Twitter: PIXIES Instagram: pixiesofficial Youtube: UCEMVQmE2DNpGqdwJi7-o5LQ Souncloud: pixiesmusic Spotify: 6zvul52xwTWzilBZl6BUbT iTunes: 2730151 Last fm: Pixies Musicbrainz: b6b2bb8d-54a9-491f-9607-7b546023b433 Songkick: 297809 Discogs: 231577 Allmusic: mn0000895136 Deezer: 652 Cuir in eagar ar Wikidata

D'aontaigh baill an bhanna ar ais le chéile sa bhliain 2004, agus chuaigh siad amach ar chamchuairt domhanda. Níor thaifead siad aon ábhar nua, agus ag tús na bliana 2008 bhí Black Francis ag rá in agallaimh éagsúla go raibh an ath-aontú thart.

Stair cuir in eagar

Bunaíodh Pixies i mBostún, Massachusetts sa bhliain 1986, nuair a bhuail Charles Thompson (Black Francis, nó Frank Black níos déanaí) leis an ngiotáraí Joey Santiago ar an gcoláiste. Le David Lovering ar na drumaí agus Kim Deal ar an dordghiotár, thabhaigh siad clú agus cáil thall sa Bhreatain, agus ansin níos déanaí abhaile i Stáit Aontaithe Mheiriceá freisin.

Bhriseadar suas sa bhliain 1991, nuair a nocht Francis in agallamh go raibh sé críochnaithe leo. Bhí deacrachtaí idir eisean agus Deal, a bhí ag fás agus ag méadú thar na blianta. Chuir seisean tús gan mhoill le gairmréim aonair, agus bhain Deal roinnt cáil amach leis a banna nua The Breeders, in éineacht leis a deirfiúr Kelley.

Albaim cuir in eagar

Naisc sheachtracha cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar