Black Francis

amhránaí agus giotáraí Meiriceánach

Is cumadóir agus amhránaí Meiriceánach é Black Francis, nó Charles Michael Kittridge Thompson IV mar a bhaisteadh é, a rugadh ar an 6 Aibreán 1965 i mBostún, Massachusetts. Tháinig cáil air don chéad uair mar cheannaire ar an mbanna rac malartach Pixies, banna réasúnta beag a d'fhág a rian ar rac-cheol an lae inniu, agus ansin mar cheoltóir aonair faoin ainm Frank Black ón bhliain 1993 ar aghaidh.

Infotaula de personaBlack Francis

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith(en) Charles Michael Kittridge Thompson IV
6 Aibreán 1965
59 bliana d'aois
Bostún, Massachusetts Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
Ainm cleiteFrank Black
Black Francis Cuir in eagar ar Wikidata
Scoil a d'fhreastail sé/síOllscoil Massachusetts, Amherst
Ardscoil Westport
Ardscoil Narbonne Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmceoltóir, amhránaí, léiritheoir ceirníní, amhránaí is scríbhneoir, giotáraí Cuir in eagar ar Wikidata
Tréimhse oibre1986 –
Ball de
SeánraRac malartach, rac indie agus alternative country (en) Aistrigh
TeangachaBéarla
Cineál guthaTeanór liriceach

UirlisGiotár agus ceol gutha
Lipéad ceoil4AD
Sonic Unyon
Cooking Vinyl
American Recordings
SpinART Records Cuir in eagar ar Wikidata

Suíomh gréasáinfrankblack.net Cuir in eagar ar Wikidata
IMDB: nm1101451 Musicbrainz: c63a33b6-1277-4ff0-8bc7-49a9fffe4e2e Songkick: 579678 Discogs: 390397 Allmusic: mn0000167287 Cuir in eagar ar Wikidata

Tar éis dhá cheirnín leis an lipéad 4AD, d'fhág sé iad agus bhunaigh sé banna taca ar a thug sé Frank Black and the Catholics. Tá sé fós ag cumadh agus ag scaoileadh ceoil nua, agus thaisteal sé ar fud an domhain leis na Pixies arís idir 2004 agus 2007.

Tá an-mheas tuillte ag ceol Black Francis, agus luaigh ceoltóirí mór le rá eile é mar thionchar mór orthu ar a gcuid ceoil, mar shampla Kurt Cobain agus Thom Yorke.

Diosclann (mar cheoltóir aonair) cuir in eagar