Osclóidh seo an príomhroghchlár

Amhránaí, cumadóir amhrán, aisteoir agus léiritheoir feidhmiúcháin Sasanach ab ea David Bowie (8 Eanáir 1947 -10 Eanáir 2016). Is mórphearsa chultúir é i gcónaí. É féin a athchruthú de shíor, ba é sin misean is stampa David Bowie[1]. Bhí tionchar mhór ag a cheol agus ealaín stáitse ar an rac-cheol i rith na 1970idí agus ó shin.

David Bowie
David Bowie.jpg
Bowie sa bhliain 2008
Tír Ríocht Aontaithe
Gníomhach 19642016
Seánra(í) ceoil Rac-cheol
Lipéad/lipéid Deram, RCA, Rykodisc, EMI America, Virgin, EMI, ISO, Columbia, BMG, Parlophone, Pye
Suíomh gréasáin Suíomh oifigiúil

CeolCuir in Eagar

  • Bhí Space Oddity a chéad singil a chuaigh isteach sna cairteanna, eisithe ar 11 Iúil 1969.
  • I measc na bpearsan stáitse a chruthaigh sé bhí Ziggy Stardust agus Aladdin Sane.
  • Chuimsigh a chuid stíleanna ceoil sól plaisteach na Young Americans; ceol draíochta na n-uirlisí ag Low; pop glan Let's Dance.
  • Bhí léim sa dorchadas leis an albam deireanach dá chuid, Blackstar. Chuir sé an albam amach ar 7 Eanáir 2016, cúpla lá roimh a bhás.

Bhí a lán amhrán cáiliúil ag David Bowie, mar shampla Let's Dance, Starman, Modern Love, Heroes, Under Pressure, Rebel, agus Life on Mars.

GnóCuir in Eagar

I rith a shaol, dhíol Bowie tuairim is 140 milliún ceirníní ar fud [an domhan|an domhain]]. Mar shampla, sa Ríocht Aontaithe, bhronnadh naoi ndeimhniú platanam ar a chuid albaim (agus haon-déan ór). Chuaigh sé isteach sa Rock and Roll Hall of Fame i 1996.

SaolCuir in Eagar

Ainm stáitse ab ea David Bowie agus rugadh é faoin ainm David Robert Jones. Rugadh Bowie sa bhliain 1947 i nDeisceart Londain (Brixton). D'fhás a shuim i gceol agus é mar pháiste. Rinne sé staidéar ar ealaín. Thosaigh sé ag obair mar cheoltóir i 1963.

Fuair David bás de bharr ailse ar an 10ú Eanáir 2016.[2]

DioscliostaCuir in Eagar

Naisc SheachtrachaCuir in Eagar

TagairtíCuir in Eagar

  1. Ar aistear chun na réaltaí: Liam Ó Maonlaí ag canadh an ceol David Bowie, 21 D.F. 2016
  2. http://www.bbc.com/news/entertainment-arts-35278872
  3. http://www.bbc.com/news/entertainment-arts-35278872


Is síol ceoil é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh.