Plé:Dmitri Anatolyevich Medvedev

(Athsheolta ó Plé:Dmítrí Anatóiléibhits Meidvéidíev)
Latest comment: 12 bliain ó shin by Ancatmara in topic Gaelú an ainm

Cuirimse fáilte roimhe iarrachtaí chun Gaelú a dhéanamh ar ainm an fhir seo. Dmítrí Meidveideiv atá agam cheana, ach b'fhearr liom go ndéanfadh duine le níos mó taithí ar an Rúisis iarracht ar Anatolyevich a Ghaelú. Rí na Vicipéide - 20 Bealtaine 2008

Cad faoi "Dimítrí Meidvedev"? Guliolopez 12:34, 20 Bealtaine 2008 (UTC)Reply
Agus fad is muid ag labhairt faoi - tá gá leis an rud céanna a dhéanamh leis na cinn seo freisin:

--Antóin 16:19, 23 Bealtaine 2008 (UTC)Reply

Gaelú an ainm cuir in eagar

Is ar éigean go bhfuil taithí ar bith agam ar an Rúisis, ach tá an fuaimniú ar fáil ar an leathanach Béarla anseo: http://upload.wikimedia.org/wikipedia/commons/c/c4/Ru-DmitryMedvedev.ogg

agus 'sé an moladh a bheadh agamsa ná:

Dmítrí Anatóiléibhits Meidvéidíev


D'aontóinn leatsa maidir leis an sloinne...

Irlandija 15:41, 1 Meitheamh 2011 (UTC)Reply

Hmm...Ní aontaím leis in aon chur. Ní hionann an litriú seo thuas agat agus fuaimniú na Rúisise. Féach ar an sloinne agat - d'fhuaimneofaí an sloinne traslitrithe mar /mʲɛdʲˑvʲeːdʲˑiːˑəvʲ/, ach fuaimnítear an leagan Rúisise mar /mʲɪˑˈdvʲeˑdʲɪf/. Bheadh Midvéidif níos fearr i mo thuairim. Ar an lámh eile, níl aon chóras traslitrithe ann sa Ghaeilge don Rúisis. I mo thuairim bheadh sé níos fearr glacadh leis an chóras idirnáisiúnta mar a dhéantar sa Bhreatnais, sa Ghàidhlig, san Indinéisis, srl. Mac Tíre Cowag 13:29, 12 Meitheamh 2011 (UTC)Reply
Glacaim le d'argóint, ar ais linn go dtí an leagan Béarla má's ea. --Ancatmara 17:00, 12 Meitheamh 2011 (UTC)Reply
Glacaim le'd thuairim, a Mhic Tíre, ach fad m'eolais nach bhfuil aon litriú idirnáisiúnta ann, óir seo iad na leaganacha éagsúla:

DE: Dmitri Anatoljewitsch Medwedew ES: Dmitri Medvédev BR: Dmitriy Medvyedyev CZ: Dmitrij Medveděv

Agus, dar ndóigh, tá "Dmitri Medvedev" ag na Béarlóirí, ach ní bhaineann sé sin leis an bhfuaimniú ceart ach an oiread. An rud a bhí i gceist agam-sa leis na hainmneacha Rúiseacha ná iad a chur i láthair sa dóigh is go mbeadh muidne in ann iad a rá i gceart, 'sé sin le rá ionas nach mbeadh orainne glacadh le botúin na mBéarlóirí. Nár chóir dúinn iarracht a dhéanamh? Cha dtig a rá i ndáiríre go bhfuil leagan amháin nó leagan eile den ainm, seachas "Дмитрий Анатольевич Медведев", ar an cheann ceart, óir 'sé an t-aon fáth go gcumtar leaganacha éagsúla de na hainmneacha úd ná le cur in iúl do dhaoine nach bhfuil léamh acu ach sa chló Rómhanach conas iad a rá i gceart. Pé scéal é, ma cheapann tu go bhfuil "Midvéidiv" níos fearr ná "Meidvéidíev", ná bíodh drogall ort ainm an leathanaigh a athrú. le meas --Ancatmara 15:09, 12 Meitheamh 2011 (UTC)Reply

Ach tá córas traslitrithe oifigiúil ann sa Spáinnis (es), sa Ghearmáinis (de), sa Fhraincis (fr)... ní ghlactar leis an chóras idirnáisiúnta sna teangacha sin mar tá córas ar leith acu chun ainmneacha Rúiseacha a thraslitriú. Níl córas oifigiúil againne sa Ghaeilge, áfach. I mo thuairim, níl sna focail "Midvéidif" agus "Meidvéidíev" ach OR, rud nach ceadaítear de réir polasaí na Vicipéide. Caithfidh orainn glacadh le teidil choiteanta. Ar an lámh eile, má táimid chun scéim thraslitrithe a chur ar bun anseo, cad faoi na litreacha seo: э, з, ш, ц, ы, ж, щ? Mac Tíre Cowag 16:17, 12 Meitheamh 2011 (UTC)Reply
Céard faoin ISO 9? Mac Tíre Cowag 16:51, 12 Meitheamh 2011 (UTC)Reply
Glacaim le t'argóint. Ar ais linn go dtí an leagan Béarla, má's ea. --Ancatmara 17:03, 12 Meitheamh 2011 (UTC)Reply
Ach céard faoin ISO 9? Bheadh Дмитрий Анатольевич Медведев traslitrithe mar "Dmitrij Anatol'evič Medvedev". Mac Tíre Cowag 17:21, 12 Meitheamh 2011 (UTC)Reply
Ara, fútsa féin atá sé, is dóigh, ach ní fheicimse aon mhaith ann - an rud a bhí mise ag iarraidh ná leagan den ainm a mbeadh furast' do gnáthghaeilgeoirí a fhuaimniú agus má chaithfidh mé fanacht ar thranslitriú oifigiúil, bhal is dócha go bhfanfaidh.--Ancatmara 17:37, 12 Meitheamh 2011 (UTC)Reply
Return to "Dmitri Anatolyevich Medvedev" page.