Plé:Níall Noígíallach

Latest comment: 3 bliana ó shin by Marcas.oduinn in topic Cumaiscthe

Fad is atá Niall Noígíallach mar ainm air!Ériugena (plé) 19:31, 9 Meán Fómhair 2020 (UTC)Reply

Molaim Níall, le síneadh fada ar an 'i' , mar bhunainm
Marcas (plé) 22:00, 10 Meán Fómhair 2020 (UTC)Reply
Suimiúil go leor bhí an leagan 'Niall' seachas 'Níall' ag Niall Ó Dónaill. Cheap mé go raibh orainn leas a bhaint as an Ghaeilge chaighdeánaithe (An Caighdeán Oifigiúil) ní as an tSean-Ghaeilge ar an Vicipéid? Baineann suíomh Gréasáin Leabharlanna Éireann leas as Niall! (Féach: https://www.libraryireland.com/names/men/irish-english-n.php). Tuige gur roghnaigh tú Niall Caille ar Niall mac Áeda? Ériugena (plé) 12:15, 11 Meán Fómhair 2020 (UTC)Reply
'Sé a dhéanaim de ghnáth ná an fhoirm atá ar en/fr/de.wikipedia.org a chruthú ar dtús, chun nasc díreach a choineáil ó thaobh chuardach idirlín de. Mar sin, en:Niall Caille, ach mar shampla, en:Áed Findliath (seachas AedAedh srl.). Ansin, bogaim an leathanach chuig leagan NuaGhaeilge, agus athsheoladh fágtha ina dhiaidh. Agus ár gcara Niall i gceist, faightear ar en.wiki "Niall Noí nGiallach" athsheolta chuig an bpríomhleathananch, "Niall of the Nine Hostages". Ní fheictear an fhoirm úd "Niall Noí nGiallach" ach go hannamh (níos lú ná 100 torthaí ar Google). De bharr sin uilig, molaim an fhoirm Sean-Ghaeilge "Níall Noígíallach", agus "Niall Naoighiallach" mar fhoirm NuaGhaeilge. Rud amháin eile... mhair 'Níall Noígíallach' le linn ré na Sean-Ghaeilge (4ú/5ú haois), ach 'Niall Caille' ag tús ré na Meán-Ghaeilge (9ú haois), agus dá bharr, is oiriúnach dar liom iad 'í' agus 'i' faoi seach mar bhunleaganacha. Marcas (plé) 07:46, 29 Meán Fómhair 2020 (UTC)Reply

Cumaiscthe cuir in eagar

Tá na leathnaigh 'Níall' agus 'Niall' cumaiscthe agam. Tá 'Niall' athsheolta chuig 'Níall' anois, ach feicim ar WikiData:

  • Niall Noígíallach: Q645857 - lán
  • Níall Noígíallach: Q65327706 - gann (sonraí ar bith, ach amháin ga.wiki sa Vici-liosta; "Catagóirí: Redirects connected to a Wikidata item", uath-ghinte, ar an leathanach).

Is fiú é mar sin an t-athsheoladh a athrú, a chur droim ar ais, ach deirfinn ansin go bhfeicfidh mé an Catagóir uath-ghinte sin ar 'Níall'. An féidir na míreanna WikiData a nascadh? Marcas (plé) 15:22, 29 Meán Fómhair 2020 (UTC)Reply

Anois, tá 'Níall' athsheolta chuig 'Niall'. Marcas (plé) 19:04, 29 Meán Fómhair 2020 (UTC)Reply
Return to "Níall Noígíallach" page.