Plé:Na hOileáin Bhailéaracha

(Athsheolta ó Plé:Oileáin Bhailéaracha)
Latest comment: 12 bliain ó shin by SeoMac

Must be "na hOileáin Bhailéaracha". Oileáin is a plural ending in slender consonat and it lenites. Panu Petteri Höglund 19:47, 6 Meitheamh 2008 (UTC)Reply

Nach mbeadh "Oileáin Bhailéaracha" níos fearr??Éóg1916 11:50, 6 Meán Fómhair 2011 (UTC)Reply
Is féidir go mbeadh. Ach má ghlacann tú leis sin, bheadh "Frainc" níos fearr mar theideal don alt An Fhrainc, agus bheadh "Gaeilge" níos fearr ná "An Ghaeilge". I mo thuairim, muna bhfuil tú sásta leis an alt, caithfidh muid athsheoladh teideal an ailt go rud éigin cosúil le "Oileáin Bhailéir" nó rud éigin cosúil leis sin. Níl in "Bailéarach" ach aidiacht. Ach is áit ar leith iad na hOileáin Bhailéaracha, cosúil leis An Fhrainc, An Ghearmáin, An t-Aontas Eorpach, Oileáin na hAimiréalacha, Oileáin na Maighdean, na hOileáin Chanáracha, srl. Is é is an rud gnáthach ann ná an t-alt a chur le hainmneacha na n-oileán, na dtíortha, srl. Mac Tíre Cowag 12:55, 6 Meán Fómhair 2011 (UTC)Reply
Ach, tá Oileáin Árann, Oileáin Fharó, Oileáin Ghalápagos ann! Éóg1916 13:24, 7 Meán Fómhair 2011 (UTC)Reply
Tá ainmneacha mar "Oileáin Fharó, Fháclainne, Árainn" etc. inchurtha le "mac Sheáin" nó "siopa Nuala" .i. is ainmfhocail chinnte iad "Árainn" etc. Mar a scríobh Mac Tíre thuas, aidiacht atá in "Bailéarach". Tabhair fá deara an difear idir "Muir Bhailt", "Muir Chairib" agus "an Mhuir Dhubh", "an Mhuir Rua". SeoMac 14:12, 7 Meán Fómhair 2011 (UTC)Reply
Tá ciall sa mhéid sin! GRMA. Éóg1916 17:29, 7 Meán Fómhair 2011 (UTC)Reply
Sin an riail láimhe s'agamsa. Coimeádaimis simplí é. Thig linn i gcónaí cásanna faoi leith a phlé nuair a thógann siad a gceann gránna.SeoMac 18:54, 7 Meán Fómhair 2011 (UTC)Reply
Return to "Na hOileáin Bhailéaracha" page.