Haigh, Carraigaonair, agus tá fáilte romhat chuig an Vicipéid! Go raibh maith agat as do chuid dréachtaí a sheoladh isteach. Tá súil agam go mbainfidh tú taitneamh as d'am anseo! Tá sé éasca ailt nua a chruthú, agus téigh go dtí an Halla Baile chun caint leis na Vicipéideoirí eile (más mian leat é sin a dhéanamh), nó téigh go dtí an Lárionad Comhphobail chun breathnú ar na heachtraí Vicipéide is déanaí.

Más é do thoil é, sínigh do chuid theachtaireachtaí ar leathanaigh phlé le ceithre thilde a chlóscríobh (~~~~); ciallaíonn sé sinn go hionsáfar d'ainm úsáideora agus an dáta go huathoibríoch. Má tá cabhair ag teastail uait, féach ar Vicipéid:Cabhair, nó cuir ceist dom ar mo leathanach phlé. Uair amháin eile, fáilte romhat! - Alison 21:38, 4 Márta 2009 (UTC)Reply

A chara, tá mé cineál míshásta le cuid de na hathruithe a rinne tú ar an leathanach faoi Ghlúin na Buaidhe, agus chuir mé blúirín amháin eolais ar ais ansin, is é sin, go bhfuil an leagan "Glúin na Buaidhe" ag scinneadh ón gCaighdeán. Tá sé de pholasaí againn anseo ná go gcaithfidh muid cloí leis an gCaighdeán chomh gar agus is féidir, agus go bhfuil sé riachtanach a phointeáil amach cén fáth nach gcloítear leis, má scinntear uaidh. Mar sin, tá sé tábhachtach a mhíniú cén fáth nach bhfuil ainm na heagraíochta mar sin, nó cad is cúis leis an eisceacht sin.
Maidir le ceartú eile, is léir go bhfuil an bheirt againn ag teacht salach ar a chéile faoi chúrsaí stíle. Scríobh mise "An chuid is mó acu, d'fhill siad..." agus cheartaigh tú an leagan seo go "D'fhill an chuid is mó acu..." Más é do bharúil gur botún uaim a bhí ann, caithfidh mé a rá gur mar sin a deirtear é in insint bheo an bhéaloidis é, agus nach botún atá ann. Uaireanta, bíonn sé níos soiléire, fiú: "An fear seo a bhfuil aithne againn air, chuaigh sé ar ais go dtí an chathair inar chaith sé laethanta a óige" - nó: "Chuaigh an fear seo a bhfuil aithne againn air ar ais go dtí an chathair inar chaith sé laethanta a óige" - cé acu is soiléire, meas tú?
Agus an méid sin ráite, ní athróidh mé do cheartúchán ar ais, ós rud é nach bhfuil sé ag déanamh dochar ar bith san ócáid seo.
Maidir leis an athrú b'é go ba é, is léir gur agatsa atá an ceart anseo, de réir an Chaighdeáin, agus mise sa mhícheart. Panu Petteri Höglund 14:27, 13 Meitheamh 2009 (UTC)Reply

Maidir le: "Glúin na Buaidhe" - is teideal dílis é. Ní cheapaim gur gá abairt mhínithe a chur leis, nó bheadh a dhá oiread téacs le cur le cuid mhaith teideal. Is léir do chách nach de réir an chaighdeáin é. B'fhéidir, má cheaptar gur gá sin, go bhféadfaí fonóta mínithe a chur ann. Réiteach na ceiste sin? Maidir le: "An chuid is mó acu, d'fhill siad..." Is é nádúr na Gaeilge scríofa abairt a thosú le briathar. Mar sin féin, níl fáth ar bith nach bhféadfaí fochlásal a dhéanamh den chéad chuid den abairt, "Maidir leis an gcuid is mó acu, d'fhill siad ..." Mura mbíonn abairtín "foláirimh" leis an ainmní, bítear ag súil le clásal coibhneasta ina dhiaidh: An chuid is mó acu a d'fhill,..." Tá rudaí sa bhéaloideas nach mbeadh i bprós (i ngach teanga). Is minic sa chaint ó bhéal go mbíonn leath-abairtí á rith ina chéile. Sílim gur trua an cás é "dea-phrós" a bhunú ar scéalaíocht cois teallaigh. (Tá sin amhlaidh freisin leis an bhfaitíos a bhíonn ar dhaoine glacadh le focal ar bith "nach raibh ag an Athair Peadar"). Ach, b'fhéidir go bhfuil dul amú orm.

Má chuirim athrú ar théacs, níl ann ach go gceapaim go gcuireann sé slacht beag air. Beir bua. Carraigaonair 15:32, 13 Meitheamh 2009 (UTC)Reply