Fáilte cuir in eagar

Haigh, a Chathalpeelo. Tá fáilte romhat chuig an Vicipéid! Go raibh maith agat as do chuid dréachtaí a chur suas anseo. Tá súil agam go mbainfidh tú taitneamh as do chuid ama anseo! Tá sé éasca ailt nua a chruthú, agus thig leat dul go dtí an Halla Baile chun caint leis na Vicipéideoirí eile (más mian leat é sin a dhéanamh), nó dul go dtí an Lárionad Comhphobail chun breathnú ar na heachtraí Vicipéide is déanaí. Tá breis eolais fóintigh in ár reamhrá, freisin.

Más é do thoil é, sínigh do chuid theachtaireachtaí ar leathanaigh phlé le ceithre thilde a chlóscríobh; ciallaíonn sé sin go hionsáfar d'ainm úsáideora agus an dáta go huathoibríoch. Má tá cabhair ag teastail uait, féach ar Vicipéid:Cabhair, nó cuir ceist ormsa nó ar na heagarthóirí eile ar ár leathanaigh phlé. Beir bua! SeoMac (plé) 22:47, 22 Márta 2017 (UTC)Reply

Foclóirí Gaeilge cuir in eagar

A Chathalpeelo, Chonaic mé do mholadh faoin alt Foclóirí Gaeilge. Tá na hiontrálacha de réir dhátaí (blianta) a bhfoilsithe cheana. GRMA. SeoMac (plé) 04:26, 12 Aibreán 2018 (UTC)Reply

GRMA as ucht an aiseolais. Tá sé seo réitithe cheana mar sin. Cathalpeelo (plé) 18:29, 4 Samhain 2019 (UTC)Reply

An Bhreatnais cuir in eagar

Níl "Comraigh" in úsáid choitianta sa Ghaeilge mar ainm ar an mBreatnais. (Féach na leathanaigh ar ar chuir tú an téarma sin orthu inniu, mar shampla An Bhreatnais.) Roghnaíodh "Comraig", de réir cosúlachta, i gcomhair teideal ar leabhar amháin sa bhliain 1948 agus níl sé soiléir domsa fiú ansin cé acu an tír nó an teanga atá i gceist. Theip orm teacht ar thagairtí eile de "Comraigh". Ba chóir do chuid tagairtí do "Comraigh" a bhaint mar sin. SeoMac (plé) 19:41, 1 Samhain 2019 (UTC)Reply

Níl tagairt do "Comraigh" déanta agam áit ar bith, ach "Comraig" nó "an Chomraig" i gcónaí. An teanga atá i gceist leis agus is é an t-aon fhocal a tharraing Seán de Búrca chuige chun tagairt uirthi agus é ag aistriú na scéalta ar fad. Ráiníonn go bhfuil rochtain agam ar chóip den leabhar agus léiríonn an slíocht seo a leanas ó lch 55 gur focal baineann é (liomsa an bhéim):

Níorḃ' ḟéidir a ṡárú ag innseaċt sgéil—ḃí an tsaṁlaiḋeaċt ċoṁ beo, an teanga ċoṁ líoṁṫa, agus an Ċomraig ċoṁ cruinn líoṁṫa sin aige.

Tá neart solaoidí eile de sa leabhar. Téarma le fianaise is ea é mar sin, i leabhar a cuireadh i gcló ag foilsitheoir creidiúnach. Sílim gur fiú an focal seo a lua i gciclipéid de bharr 2 chúinse eile: 1) leagan den téarma dúchasach atá ann agus tá dlistineacht éigin ag gabháil leis sin, agus 2) tá a mhacasamhail déanta ag muintir na hAlban, áit a bhfuil a' Chuimrigh agus Cuimris ar na téarmaí is coitianta don tír agus teanga faoi seach. Tá "Cuimrí" feicthe agam don tír i nGaeilge na hÉireann, agus cuirfidh mé sin leis nuair a bheas tagairtí agam do.

É sin uilig ráite, níl mé ag moladh an Bhreatnais a ath-ainmniú nó rud ar bith mar sin. Níl i gceist ach téarma táinisteach a lua fresin. Cathalpeelo (plé) 18:29, 4 Samhain 2019 (UTC)Reply