Pléascadh glaoirí Hezbollah, 2024

Ar an 17 agus 18 Meán Fómhair 2024, phléasc Iosrael na mílte glaoire agus siúlscéalaití[1] sa Liobáin agus sa tSiria. Cuireadh an córas cumarsáide de chuid Hezbollah as feidhm san oll-chibirionsaí. Ag an am céanna, thionscain Iosrael feachtas forleathan imeaglaithe agus bhí pobal uilig na Liobáine scanraithe ar fad.[2][3]

Teimpléad:WD Bosca Sonraí ImeachtPléascadh glaoirí Hezbollah, 2024
Íomhá
Cuir in eagar ar Wikidata
Map
 33° 50′ 00″ N, 35° 46′ 00″ E / 33.83333°N,35.76667°E / 33.83333; 35.76667
Cineálgrúpa de pléascadh
sárú slándála
ionsaí sceimhlitheoireachta
ionsaí míleata
ionsaí buamála
frithsceimhlitheoireacht Cuir in eagar ar Wikidata
Cuid deCoimhlint Iosrael–Hezbollah, 2020idí, coinbhleacht Arab-Iosraelach agus Iran–Israel proxy conflict (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Tréimhse17 - 19 Meán Fómhair 2024
Dáta na bliana18 Meán Fómhair 2024 Cuir in eagar ar Wikidata
Suíomhan Liobáin, An Liobáin Cuir in eagar ar Wikidata
Tíran Liobáin agus an tSiria Cuir in eagar ar Wikidata
SpriocHezbollah Cuir in eagar ar Wikidata
Líon básanna42 Cuir in eagar ar Wikidata
Líon gortaithe3,500 Cuir in eagar ar Wikidata
Déantóir na coireIosrael
Mossad Cuir in eagar ar Wikidata
Armglaoire
siúlscéalaí
simplex communication (en) Aistrigh
HDX Cuir in eagar ar Wikidata
Meán cumarsáide


Gortaíodh b'fhéidir 3,000+ duine agus maraíodh 37. Phléasc na glaoiri ar an 17 Meán Fómhair agus phléasc na siúlscéalaithe an lá dár gcionn, in áiteanna éagsúla sa Liobáin agus sa tSiria.[4][5]

Bhí coimhlint trasteorann ar siúl idir Hezbollah agus Iosrael ó thosaigh an Cogadh Iosrael-Gaza i mí Dheireadh Fómhair 2023.

Thosaigh Hezbollah ag úsáid glaoirí nua timpeall Aibreán/Bealtaine 2024 nuair a cinneadh cosc a chur ar fhóin shoghluaiste, toisc go raibh sé ró-éasca a dhéanamh amach cá raibh siad.

Cheannaigh Hezbollah na siúlscéalaithe en masse mí na Bealtaine 2024, an t-am céanna a cheannaigh siad na glaoirí póca.[6] Bhí branda comhlacht as an Téaváin, Gold Apollo, ar na glaoirí ach dúirt an comhlacht sin gur comhlacht san Ungáir a rinne iad. Bhí ceadúnas ag an gcomhlacht úd, dá ngairtear BAC, chun leas a bhaint as branda Gold Apollo.[7]

Chuir Mossad, áisíneacht faisnéise Iosrael, ábhar pléasctha sna mílte glaoire roinnt míonna sular seoladh chuig Hezbollah iad.[8] Meastar gur dócha gur 20 gram d’ábhar pléasctha ar chaighdeán míleata a cuireadh sna huirlisí.

Trasnaíocht nó haiceáil de shaghas éigin a rinne na hIosraelaigh ar na glaoirí póca ba shiocair leis na pléascanna.[6] Tuairiscítear gurb amhlaidh gur shocraigh Iosrael na glaoirí a phléascadh níos luaithe ná mar a bhí beartaithe acu toisc go raibh imní orthu go raibh eolas faighte ag Hezbollah faoin bplean.[8]

Imeachtaí

cuir in eagar

Is cosúil gur phléasc thart ar 3,000 glaoire nuair a cuireadh teachtaireacht chódaithe chucu. Ba le comhaltaí den eagraíocht mhíleata Hezbollah an chuid is mó de na glaoirí agus iad fite fuaite ar fud na tíre. I ndeisceart na Liobáine – dún daingean Hezbollah – agus sa phríomhchathair Béiriút is mó a bhí na pléascanna. Bhí glaoirí fós ag pléascadh leathuair an chloig tar éis na gcéad phléascanna.

Ar an 17 Meán Fómhair, bhí ospidéal na Liobáine faoi bhrú mór i ndiaidh na chéad ionsaithe. Maraíodh páistí agus fágadh daoine áirithe dall i ndiaidh an ionsaí agus bhí gá ag daoine eile le teascadh. I gcás amháin, phléasc glaoire ag cuntar siopa agus custaiméir ag íoc bille. I gcás eile, baineadh duine dá bhoinn nuair a phléasc glaoire i margadh torthaí, srl.

Ar an 18 Meán Fómhair, phléasc gaireas amháin ar a laghad ag sochraid chomhalta de Hezbollah, fear a bhí ar dhuine de dháréag a maraíodh ar an 17 Meán Fómhair. agus maraíodh duine amháin eile ag an tsochraid.[6]

Iarmhairtí

cuir in eagar

Glactar leis gur beart sceimhlitheoireachta de chuid stát Iosrael a bhí ann, dírithe ar chomhaltaí den eagraíocht mhíleata Hezbollah.[9]

Níos déanaí, bhí sé ina imní mhór go mbeadh sé ina chogadh dearg idir Iosrael agus Hezbollah. Dúirt Hezbollah go mbainfeadh siad díoltas amach i ndiaidh an ionsaithe, an sárú is mó riamh ar chóras slándála na Liobáine.[8]

Ar an 19-24 Meán Fómhair, rinne fórsaí Iosrael ionsaithe buamála timpeall na Liobáine le cneá oscailte Hezbollah a shailleadh.[10]

Ar an 22/23 Meán Fómhair, chomhairligh Iosrael do mhuintir na Liobáine a gcuid bailte a fhágáil sula ndéanfaí an ráig aerionsaithe. Cuireadh b'fhéidir 80,000+ glaoch gutháin uathoibrithe go dtí daoine atá ina gcónaí sa Liobáin, agus i bhfad níos mó SMS, ag rá leo an áit a fhágáil. Dúirt ceannasaí Ogero, comhlacht teileachumarsáide stát na Liobáine, gur sórt “cogadh síceolaíoch” a bhí ar bun ag Iosrael leis na glaonna sin “chun cíor thuathail agus mearbhall” a chothú.[11] Thug Iosrael foláireamh do phobail na Liobáine gan fanacht gar do na "spriocanna" Hezbollah, mar a thug siad orthu.

Féach freisin

cuir in eagar
  1. i mBéarla, pager, nó siúlscéalaithe, walkie-talkies
  2. Raidió na Gaeltachta RnaG (2024-09-18). "Tús Áite: Pléascáin sa Liobáin le Mícheál Ó hUanacháin (Údar agus Iar-Iriseoir)." (ga-IE). RTE Radio. Dáta rochtana: 2024-09-25.
  3. Raidío na Gaeltachta (MF 2024). "Caoimhe de Barra, Príomh Fheidhmeannach Thrócaire." (as ga-IE). 
  4. BBC News (2024-09-18). "Walkie-talkies explode in Lebanon, day after pager blasts - reports | BBC News". 
  5. Kathleen Magramo, Sophie Tanno, Antoinette Radford, Maureen Chowdhury, Aditi Sangal, Tori B. Powell (2024-09-18). "Walkie-talkies explode in Lebanon day after deadly pager attack" (en). CNN. Dáta rochtana: 2024-09-18.
  6. 6.0 6.1 6.2 Nuacht RTÉ (2024-09-18). "9 maraithe, 300 leonta i bpléascanna sa Liobáin" (as ga-IE). 
  7. Nuacht RTÉ (2024-09-18). "'Gairis phléascacha curtha i nglaoirí póca sular ceannaíodh iad'" (as ga-IE). 
  8. 8.0 8.1 8.2 "Beirt pháistí i measc na marbh i ndiaidh pléascadh glaoirí sa Liobáin" (ga-IE). Tuairisc.ie (2024-09-18). Dáta rochtana: 2024-09-18.
  9. Nuacht RTÉ (2024-09-17). "9 maraithe, 2,800 leonta tar éis do ghlaoirí pléascadh sa Liobáin" (as ga-IE). 
  10. "Ionsaithe buamála déanta ag Iosrael ar dheisceart na Liobáine" (as ga) (2024-09-19). 
  11. "Os cionn 270 duine maraithe ag aerionsaithe Iosrael ar bhailte móra sa Liobáin" (ga-IE). Tuairisc.ie (2024-09-23). Dáta rochtana: 2024-09-25.