Chuir an tIRA an 'Plean S'[1] i bhfeidhm i Sasana sa bhliain 1939/1940, feachtas buamála agus sabaitéireachta. Cuireadh tús leis an sceimhlitheoireacht ar an 16 Eanáir 1939, nuair a phléasc buamaí i Londain agus Manachain. Tháinig deireadh leis an bhfeachtas i mí an Mhárta 1940.

Seán Russell, ina cheann foirne ar an IRA
Seamus O'Donovan, an straitéisí

Ar 25 Lúnasa 1939, maraíodh cúigear i gCoventry nuair a phléasc buama, an eachtra is measa.[2] Gabhadh buamadóir agus crochadh beirt níos déanaí. D'éalaigh uncail Gerry Adams; bhí cúram trom air is cosúil.

Iarmhairtí cuir in eagar

Ar feadh tréimhse 14 mhí, tharla 164 eachtra buamála in iomlán agus maraíodh 10. Is mó dochar ná maitheas a rinne an feachtas, neamhéifeachtach agus fritorthúil.

Féach freisin cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar

  1. S mar sabaitéireacht
  2. "1939 Coventry bombing" (as en) (2021-10-21). Wikipedia.