Polaitíocht na heite fíordheise
Tá polaitíocht na heite fíordheise le feiceáil timpeall an domhain le fada (an Faisisteachas agus an Naitsíochas sa 20u haois). San Eoraip sa 21ú haois, faightear mar shampla Rassemblement National na Fraince, AfD na Gearmáine, Fratelli d’Itália na hIodáile, Fidesz na hUngáire, Vlaams Belang na Beilge, FPÖ na hOstaire, Sverigedemokraterna na Sualainne agus Perussuomalaiset na Fionlainne. Tá na páirtithe polaitiúla seo ar an mór-roinn i bhfad amach ar an eite dheis. Tá cuid acu (Fidesz, Fratelli d’Ítália, Perussuomalaiset) i gcumhacht. I gcásanna eile, braitheann na páirtithe sa rialtas ar a dtacaíocht uaireanta (mar shampla Sverigedemokraterna na Sualainne).
Tréithe sa 21ú haois
cuir in eagarIs minic an comhrá ag iarraidh naimhdeas agus achrann a tharraingt sa saol mór: mar shampla ag eagrú gluaiseacht in aghaidh srianta sláinte; in aghaidh imircigh; in aghaidh daoine aeracha i leabharlanna agus scoileanna agus siopaí leabhar. Tá ideolaíocht ina bhfuil fuath nimhiúil - fearacht an Náisiúnachas Geal, Frith-Ghiúdachas, agus Fuath ar Ioslam - á scaipeadh go réidh ag grúpaí agus ag daoine aonair ar an bhFíordheis. Tá daoine go seasta ag roinnt bréageolais ag séanadh Uile-Loscadh an Dara Cogadh Domhanda agus ag brú ábhar Naitsíoch.[1]
Tá aighneas faoi cheist na haeráide ann go minic. Tá grúpaí de chuid na fíordheise "ag fadú na tine agus ag tabhairt faoi 'Chogadh Cultúir’ san díospóireacht faoi athrú na haeráide agus iad á gcur féin i láthair mar a bheadh ‘fíor-chosantóirí’ mhuintir na tuaithe."[1]
An eite fhíordheis in Éirinn
cuir in eagarEisceacht sa scéal seo í Éire: níor éirigh go rómhaith riamh le páirtithe ar an eite fhíordheis in Éirinn, go dtí na 2020idí ar aon nós. An chúis atá leis sin ná go bhfuil páirtí seanbhunaithe ann a dhéanann freastal ar an sciar sin den mhargadh. Tagann Sinn Féin ar an sciar sin de vótóirí na hÉireann a chaithfeadh vóta do pháirtí éigin de chuid na heite fíordheise dá mbeadh cónaí orthu ar an mór-roinn. Ní ar dheis ach ar chlé ón lár atá Sinn Féin.[2]
Sa bhliain 2023, léirigh taighde ar scaipeadh eolas míchruinn agus bréageolas ar líne in Éirinn go bhfuil tionchar na Fíordheise sa tír sách láidir. An eagraíocht dhomhanda ISD (Institute for Strategic Dialogue) a thug faoin staidéar a thaispeáin go raibh ag teipeadh ar chuideachtaí teicneolaíochta rialacháin (mar sh, Twitter, Meta, srl )a chur i bhfeidhm le srian a chur ar scaipeadh bhréageolas, eolas míthreorach agus ábhar a bhfuil urchóid ann. Rinne an staidéar "Uisce faoi Thalamh: An investigation into the Online Mis- and Disinformation Ecosystem in Ireland"[3] scagadh ar 13 milliún teachtaireacht ar an idirlíon ó 1,640 cuntas ar 12 ardán éagsúla, ó Eanáir 2020 go hAibreán 2023.[1]
Dúirt an staidéar go bhfuil airgead á ghnóthú go tréan ag an dream atá sáite in éiceachóras bréageolais na hÉireann. Bhí dlúthcheangal idir an dream a bhíonn ag comhrá lena chéile agus gurbh cúrsaí sláinte, cúrsaí polaitíochta agus cúrsaí imirce in Éirinn is mó a bhíonn faoi chaibidil acu. Ar Covid-19 is mó a díríodh áird idir 2020 agus 2021, sula dtáinig an chogaíocht san Úcráin, an imirce agus cúrsaí inscne agus gnéis an Phobail LADTA+ go barr aigne i 2022 agus tús 2023.[1]
Féach freisin
cuir in eagarTagairtí
cuir in eagar- ↑ 1.0 1.1 1.2 1.3 Nuacht RTE (2023-11-20). "An Eite Fhíordheis ag fás in Éirinn" (as ga-IE).
- ↑ Alex Hijmans (14 Samhain 2023). "Ní chaithfear éisteacht … le tuairimí faisisteacha" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2023-11-21.
- ↑ "Uisce Faoi Thalamh: Platform Analysis" (en-GB). ISD. Dáta rochtana: 2023-11-21.