Rassemblement National

páirtí polaitíochta Francach

Is páirtí polaitíochta sa Fhrainc é an Rassemblement National ('Slógadh Náisiúnta' nó RN), nó an Front National (Fronta Náisiúnta nó FN) mar a bhíodh (roimh 2018). Díríonn teaghlach mór le rá sa pholaitíocht, na 'Le Pen', an páirtí ó na 1970idí go dtí inniu.

Bosca Sonraí EagraíochtaRassemblement National
Sonraí
Ainm gearrRN Cuir in eagar ar Wikidata
Cineálpáirtí polaitíochta Cuir in eagar ar Wikidata
Idé-eolaíocht pholaitíochtanáisiúnachas Francach
Eoraisceipteach
caomhnaitheacht
státachas
antiglobalization (en) Aistrigh
Sovereigntism (en) Aistrigh
pobalachas ar an eite dheas
coimeádachas náisiúnta
Rúisifilia Cuir in eagar ar Wikidata
Ailíniú polaitíochtaeite dheis
an eite fhíordheis
radical right in Europe (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Foirm dlídeclared association (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Foirm dlí
Téann in áitFront national Cuir in eagar ar Wikidata
Dáta a bunaíodh2018
Bunaitheoir(í)Jean-Marie Le Pen Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Ball deEuropean Alliance for Freedom (en) Aistrigh
Rassemblement Bleu Marine (en) Aistrigh
Identity and Democracy Party (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Ballraíocht85,000 (2016) Cuir in eagar ar Wikidata
Rialachas corparáideach
Ceanncheathrú
UachtaránachtJordan Bardella (2022–) Cuir in eagar ar Wikidata
Eile
Dath     Cuir in eagar ar Wikidata

Suíomh gréasáinrassemblementnational.fr Cuir in eagar ar Wikidata
Facebook: RassemblementNational Twitter: RNational_off Instagram: rassemblementnational_fr Telegram: rassemblementnational Youtube: UCeWMp4Frgyv275gSnWNYoZQ Flickr: frontnational Cuir in eagar ar Wikidata
toghcháin réigiúnacha sa bhliain 2021, ̥.. an RN láidir sa tuaisceart agus Cote d'Azur (deisceart)

Tá an páirtí i bhfad amach ar an eite dheis. Cur in aghaidh na hinimirce is ea cuid mhaith de shaothar an RN.

Na 'Le Pen' gafa le cúraimí teaghlaigh ó na 1970idíː Jean-Marie Le Pen agus a iníon, Marine, teaghlach mór le rá sa pholaitíocht ar feadh níos mó ná 50 bliain

Stair cuir in eagar

Bhunaigh Jean-Marie Le Pen an páirtí sa bhliain 1972.

Ón mbliain 2011 amach, tá iníon le Jean-Marie Le Pen, Marine Le Pen, ina ceannaire ar an RN.

Sa bhliain 2017, bhí scrios déanta ar na mórpháirtithe polaitiúla, an Páirtí Sóisialach agus 'Les Républicains', agus d'éirigh an RN lárnach sa chóras polaitíochta sa bhFrainc, chomh maith gluaiseacht Émmanuel Macron, La République en Marche.[1]

Cé go bhfuil borradh faoin ngluaiseacht sna blianta 2018-2022, ní léir go bhfuil pobal na Fraince sásta glacadh go hiomlán lena bhfealsúnacht. Ní raibh acu ach seacht suíochán ag an RN as an 577 suíochán sa gcomhthionól náisiúnta le linn 2017-2022 (ionadaíocht chionmhar agus comhghuaillíochtaí polaitiúla ar bith).[1]


Conspóidí cuir in eagar

  • Sa bhliain 2015, rinne sí idirbheartaíocht i Moscó chun iasachtaí don RN a thógáil amach (bhí na fiacha seo fós amuigh sa bhliain 2022).[2] In 2022, chuir Macron i leith Le Pen go raibh sí ró-spleách ar an Rúis toisc airgead a bheith faighte ar iasacht ag RN ó bhainc sa Rúis. Chosain Le Pen na hiasachtaí – ní raibh aon dul as aici ach airgead a lorg thar lear, a dúirt sí, toisc nach raibh bainc sa Fhrainc toilteanach iasachtaí a thairiscint dá gluaiseacht.[3]
  • Bhí Marine Le Pen ina feisire i bParlaimint na hEorpa idir 2004 - 2017. Bhí costais neamhrialta aici Bhí na fiosruithe fós ag dul ar aghaidh sa bhliain 2022.[4]

Féach freisin cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar

  1. 1.0 1.1 Máirín Ní Ghadhra (Samhain 2021). "Coinneofar súil ghéar ar chóisir lae breithe na Gilets Jaunes" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2022-04-25.
  2. "Quelle est cette banque russe qui a octroyé un prêt de 9 millions d'euros au RN?" (fr). BFM BUSINESS. Dáta rochtana: 2022-04-26.
  3. Cathal Mac Coille (23 Aib 2022). "Ní féidir talamh slán a dhéanamh de go mbeidh an lá le Macron in aghaidh Le Pen" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2022-04-25.
  4. Angela Charlton (2022-04-16). "L’agence antifraude de l’Union européenne enquête sur Marine Le Pen" (fr). Le Devoir. Dáta rochtana: 2022-04-26.