Port Blair

Príomhchathair críoch Oileán Andaman agus Nicobar i mBá Bheangál is ea Port Blair. Is é an chathair is mó sna hoileáin freisin. Tá an chathair suite ar chósta thoir an oileán Andaman Theas.

Sa bhliain 2011, bhí 108,058 duine ina gcónaí ann

StairCuir in Eagar

Tagann ainm na cathrach ó Archibald Blair, de chuid Comhlacht Briotanach na hIndia Thoir, a chuir áitreabh pionóis ann sa bhliain 1789. Bunaíodh an baile sa bhliain 1858.

 
Léarscáil Oileán Adaman agus Nicobar le mionpháirt ann do limistéar Port Blair

GeilleagarCuir in Eagar

Glactar le turasóirí sa bhaile féin ach bíonn cead speisialta ó na fórsaí míleata de dhíth chun cuairt a thabhairt ar an gcuid eile den oileán. Tá bunáiteanna ag aerfhórsa na hIndia ann chomh maith le bunáit mhór ag cabhlach na tíre úd a bhaineann leas as an gcuan mór ag Port Blair.


TagairtíCuir in Eagar