Priscianus Caesariensis
Ba ghramadóir Laidineach é Priscianus Caesariensis, ar a dtugtar go minic Priscin. Scríobh sé an leabhar Institutiones grammaticae ("Bunsraitheanna gramadaí") ar an ábhar. Bhí an téacsleabhar seo ina chaighdeán chun staidéar a dhéanamh ar an Laidin le linn na Meánaoiseanna agus sholáthair sé an t-amhábhar le haghaidh na ngramadóir tuairimeach.
Priscianus Caesariensis | |
---|---|
![]() | |
Saol | |
Eolas breithe | Cherchell, 5ú haois |
Náisiúntacht | An tSean-Róimh |
Bás | 6ú haois |
Oideachas | |
Teangacha | An Laidin |
Gairm | |
Gairm | scríbhneoir, fealsamh agus file |
Saothar iomráiteach | Institutiones grammaticae |
BeathaisnéisCuir in Eagar
Níl mórán eolais againn faoi shaol Phriscian. Ba de shliocht na Gréige é , agus rugadh agus tógadh é i Caesarea (Cherchell an lae inniu, an Ailgéir) príomhchathair an cúige Rómhánach Mauretania Caesariensis. Dar le Cassiodorus, mhúin sé Laidin i gCathair Chonstaintín. I measc a mhionoibreacha tá an dán molta (Sean-Ghréigis: πανήγυρις (panégyris)) chuig Anastasius (491-518), scríofa sa bhliain 512 (circa), a chuidíonn len a thréimhse ama a fháil amach dúinn. Ina theannta sin, tá foscript sna lámhscríbhinní Institutiones grammaticae a thugann le fios gur chóipeáil Flavius Theodorus, a bhí ina chléireach san rúnaíocht impiriúil, an obair (526, 527).