Proinsias Mac a' Bhaird

scríbhneoir Éireannach

De bhunadh Árainn Mhór i dTír Chonaill é Proinsias Mac a’ Bhaird. Tá cónaí air faoi láthair idir an t-oileán agus Leitir Ceanainn, áit a n-oibríonn sé mar mhúinteoir. Tá trí cinn déag de leabhair Ghaeilge dá chuid i gcló agus aistriúchán ar leabhar Béarla. Baineann sé úsáid as Gaeilge Thír Chonaill go príomha ina chuid scríbhneoireachta.

Infotaula de personaProinsias Mac a' Bhaird

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith10 Iúil 1973
50 bliana d'aois
Árainn Mhór, Éire Cuir in eagar ar Wikidata
Teanga dhúchaisan Ghaeilge
Gníomhaíocht
Gairmfile, oideoir, úrscéalaí Cuir in eagar ar Wikidata
TeangachaAn Ghaeilge agus Béarla
Síniú

Tairngreacht cuir in eagar

Ba é an t-úrscéal Tairngreacht is mó a thuil clú dó mar scríbhneoir. Bronnadh Gradam Leabhar na Bliana[1] de chuid An Post ar an úrscéal[2] sa bhliain 2019. Bhuaigh an t-úrscéal an chéad duais i gComórtas Liteartha an Oireachtais agus bhain sé an gearrliosta do Ghradam Uí Shúilleabháin sa bhliain 2018.

Baineann an scéal le comhcheilg taobh istigh den Eaglais Chaitliceach, tráth ar éirigh an Pápa Beinidict as oifig. Tarraingíonn an t-úrscéal ar scéal Naomh Colm Cille agus ar fhaoistin atá in ainm is a bheith scríofa aige, rud a imríonn tionchar mór ar chúrsaí sa nuashaol.[3]

Duaiseanna cuir in eagar

Bronnadh duaiseanna ar chuid mhór de shaothar Mhic a' Bhaird. Bronnadh an chéad duais d''úrscéal ar 'Rún an Bhonnáin' [4] agus ar 'Tairngreacht' ag Comórtas Liteartha an Oireachtais agus bronnadh an dara duais d'úrscéal liteartha ar a úrscéal 'Fatwa'. Tá duaiseanna bainte aige don drámaíocht, ceol agus filíocht ag comórtais an Oireachtais freisin.

Bronnadh duaiseanna ar a chuid filíochta i gcomórtais áirithe, ina measc: comórtas filíochta Bhéal Átha na mBuilí, Comórtas Filíochta Uí Néill agus Reclaim the Vision of 1916.

Leabhair i gcló cuir in eagar

  • Cogar san Fharraige (Coiscéim), 2002
  • Idir Beocht agus Beatha (Coiscéim), 2004
  • An Tairiscint (Coiscéim), 2005
  • Maggie Sailor agus Cailleach na Farraige (Coiscéim), 2008
  • Maggie Sailor agus Mallacht na Mic Ó gCorra (Coiscéim), 2009
  • Fear na Féile Vailintín agus scéalta eile (Breacadh), 2009
  • Faigh Greim ar an Ghrian, (Coiscéim), 2010
  • Rún an Bhonnáin (LeabhairComhar), 2010, 2019 (Cineál de phaistís ar The Da Vinci Code atá sa leabhar seo)
  • Bealach na Mine Buí (Coiscéim), 2015
  • Amhrán na Mara (Coiscéim), 2015 [aistriúchán]
  • Oileán na nDraoithe (Éabhlóid), 2017
  • Tairngreacht (LeabhairComhar), 2018
  • Fatwa (Coiscéim), 2019
  • Falscaí (Coiscéim), 2021
  • Flaitheas (Leabhar Breac), 2023

Tagairtí cuir in eagar

  1. "An Post Irish Book Awards » Tairngreacht" (en-GB). Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2021-02-05. Dáta rochtana: 2021-01-31.
  2. 47 Sráid Harrington Baile Átha Cliath 8 Éire Teil: +3531 675 1922. "Tairngreacht" (ga). LeabhairCOMHAR. Dáta rochtana: 2021-01-31.
  3. https://www.dublininquirer.com/contributors/caitlin-nic-iomhair.+"Tairngreacht, Reviewed". Dublin Inquirer. Dáta rochtana: 2021-01-31.
  4. "Comhar".