Úrscéal de chuid an údair Mheiriceánaigh Dan Brown is ea The Da Vinci Code a d'fhoilsigh Doubleday Fiction sa bhliain 2003. Bhí tóir mhór ar an leabhar ar fud fad an domhain le 36 milliún cóip i gcló (ó Mhí Lúnasa 2005) agus aistríodh é ina 44 teanga. Is é an leabhar an dara cuid de tríológ a thosaigh leis an chéad úrscéal ó pheann Brown sa bhliain 2000, Angels and Demons, inar cuireadh an carachtar Robert Langdon in aithne don chéad uair.

WD Bosca Sonraí LeabharThe Da Vinci Code

Cuir in eagar ar Wikidata
Cineálsaothar liteartha Cuir in eagar ar Wikidata
Cárta innéacs
ÚdarDan Brown Cuir in eagar ar Wikidata
TeangaBéarla Cuir in eagar ar Wikidata
FoilseachánStáit Aontaithe Mheiriceá Cuir in eagar ar Wikidata, Stáit Aontaithe Mheiriceá agus an Ríocht Aontaithe, 2003 Cuir in eagar ar Wikidata
FoilsitheoirDoubleday, Transworld Publishers, Bantam Books agus Qanun (en) Aistrigh
Tréith
Seánraficsean comhcheilge, úrscéal rúndiamhair, ficsean bleachtaireachta, ficsean coiriúlachta agus scéinséir Cuir in eagar ar Wikidata
Líon na leathanach519 Cuir in eagar ar Wikidata
Carachtair
Suíomh scéalaíochtaPáras Cuir in eagar ar Wikidata
Cuid den tsraith
Robert Langdon series Cuir in eagar ar Wikidata
Eile
Suíomh gréasáindanbrown.com… Cuir in eagar ar Wikidata
Musicbrainz: f35edbf3-8715-48ac-b6c3-7601239bd0c7 Cuir in eagar ar Wikidata
Clúdach an leabhair The Da Vinci Code (eagrán RA)

Maíonn an leabhar go bhfuil an Eaglais Chaitliceach páirteach i gcomhcheilg chun fíorscéal Íosa Críost a cheilt. Tugann seo le fios go bhfuil an t-eolas seo ag an Vatacáin ach go bhfuil sé á cheilt, chun go mbeidh sí ábalta fanacht i réim.

Cur Síos ar an Leabhar cuir in eagar

Baineann an leabhar seo le hiarracht Robert Langdon, Ollamh siombaileolaíochta reiligiúnda ag Ollscoil Harvard, chun dúnmharú Jacques Saunière, feighlí Dhánlann an Louvre, ar a raibh clú agus cáil, a fhiosrú. Tá baint ag an teideal leis an bhfíric gur aimsíodh corp taobh istigh den Louvre, agus é lomnocht agus gothach cosúil le Fear Vitruvius, tarraingt de chuid Leonardo da Vinci le teachtaireacht dhiamhair scríofa in aice lena chorp. Chomh maith leis sin, bhí peinteagram tarraingthe ar a bholg ina fhuil féin. Tá ciall na dteachtaireachtaí ceilte i saothair Da Vinci, mar aon leis an Mona Lisa agus An Suipéar Déanach, tabháchtach d'fhreagra na rúndiamhair.

Dírítear aird ar an dá rúndiamhair seo sa scéal:

  • Cérbh é an rún a bhí Saunière ag cosaint, óir glactar leis gurbh é sin cúis a bháis.
  • Cé hé an duine taobh thiar dá dhúnmharú.

Tá ceangal idir freagra na gceisteanna seo agus an áit ina bhfuil an Soidheach Naomhtha lonnaithe agus eagraíocht diamhair darb ainm An Priory of Sion, chomh maith leis na Teamplóirí. Tá baint mhór ag an eagraíocht Chaitliceach Opus Dei sa phlota freisin.

Is é seo an dara leabhar de chuid Brown inarb é Robert Langdon an príomhcharachtar. Bhí an leabhar deireanach, Angels and Demons, suite sa Róimh agus bhain sé siúd leis an Illuminati.

Carachtair cuir in eagar

  • Robert Langdon – Ollamh Siombaileolaíochta Reiligúnda ag Ollscoil Harvard. Ag tús an scéil, tá sé i bPáras chun léacht a thabhairt. Ós rud é go raibh coinne aige le Jacques Saunière, feighlí an Louvre, cuirtear iontas ort nuair a thagann póilíní na Fraince chuig doras a sheomra óstáin. Cuireann siad in iúl dó gur dúnmharaíodh Saunière agus go bhfuil a chabhair de dhíth orthu láithreach chun an cóir a réiteach. I ngan fios do Langdon, táthar in amhras air faoin gcóir agus tugadh chuig láthair an chóir é chun go ndéanfaidh sé an dúnmharú a admháil.
  • Sophie Neveu – gariníon Jacques Saunière. Is cripteagrafaí le rialtas na Fraince. Tógadh í ag a seanathair nuair a maraíodh a tuistí i dtimpiste carr nuair a bhí sí an-óg. Ba ghnách dá seanathair "Princesse Sophie" a thabhairt uirthi agus dúcheisteanna focal casta a oibriú amach. Agus í ina chailín óg, tháinig sí ar eochair ait i seomra a sheanathar, de thimpiste, ar a raibh na litreacha "P.S." Níos déanaí, agus í ina mac léinn ollscoile, thug sí cuairt gan choinne ar theach a sheanathar i Normandie agus chonaic sí é ag glacadh páirte sa Hieros Gamos, deasghnáth gnéis. Níor labhair sí focal eile lena seanathair ó shin, dá bhrí seo.

Féach freisin cuir in eagar

Naisc sheachtracha cuir in eagar