Osclóidh seo an príomhroghchlár

Ileolaí Iodálach ab ea Leonardo da Vinci (15 Aibreán, 14522 Bealtaine, 1519), a bhí ina eolaí, matamaiticeoir, innealtóir, cumadóir, eolaí anatamaíochta, péintéir, dealbhóir, ailtire, luibheolaí, ceoltóir agus scríbhneoir. Is beag duine i stair an domhain a bhí chomh cumasach leis.

Leonardo da Vinci
Leonardo self.jpg
Portráid féin ar chailc dearg timpeall 1512 go 1515.
Ainm BreitheLeonardo di Ser Piero
Breith 15 Aibreán, 1452
Vinci, Flórans, an Iodáil
Bás 2 Bealtaine, 1519
Amboise, Indre-et-Loire, an Fhrainc
Náisiúntacht D Iodálach
Gluaiseacht An tArd-Athbheochan (An tArd-Renaissance)
Saothair Mona Lisa, An Suipéir Déanach, Uomo vitruviano
Síniú
Da Vinci Signature.svg

Clár ábhair

SaolCuir in Eagar

Mac dlíodóra, rugadh é i gceantar Vinci i bhFlórans i 1452. Rinne sé staidéar ar an ealaín don chéad uair faoi Verrochio, agus thosaigh é mar ealaíontóir neamhspleách i 1477. Bíodh nach raibh a shaothar ealaíonta chomh líonmhar san bhain sé clú domhanda amach mar sin féin. Ar a shaothair is mó clú tá An Suipéar Déanach agus An Mona Lisa.

Sa tréimhse seo Ba iad na Medici na pátrúin ba fhlaithiúla agus ab aithnidiúla. Chuidigh a bpátrúnacht le stádas ealaíontóra a ardú agus tháinig na mórealaíontóirí ar nós da Vinci chun cinn faoina gcoimirce.[1]

 
Leonardo da Vinci, Svenska Familj-Journalen

Chuir da Vinci i gcuntas a shaothar taighde — i leabhair nóta, a bhí lán de nótaí inspéise agus de léaráidí gléineacha, a bhí scríofa ón dtaobh dheas go dtí an taobh chlé i scríbhinn léargais.

Mar shampla, sa bhliain 1500, fuair Leonardo da Vinci amach gur ghluais fuaim i bhfoirm thonnta.[2]

Bhí anatamaíocht an choirp, fás an linbh sa bhroinn, dlíthe sruth, dlíthe eitilte, geolaíocht, fisic agus réalteolaíocht ar ábhair léinn an fhir iontach seo. Cheap sé paraisiút, inneall eitilte, agus fomhuireán chomh maith.

BásCuir in Eagar

Stróc a thug a bhás is cosúil. Ní raibh sé ach 67 bliain d'aois. Tá sé curtha i Château d'Amboise sa Loire.

EitiltCuir in Eagar

Nuair a bhí sé go fóill óg rinne Leonardo péintéireacht do dhuine saibhir, agus tugadh dornán maith airgid dó mar luach saothair. As go brách leis chun an mhargaidh chun éin bheaga i gcliabháin a cheannach.[3] Thug sé leis iad go barr cnoic, is cosúil, d’oscail na cliabháin, agus lig saor na créatúir. Níos déanaí rinne Leonardo staidéar cruinn  ar eitilt na n-éan, agus bhí sé cinnte go mbeadh duine ábalta eitilt lá éigin.

Leonardo in ÉirinnCuir in Eagar

  • Sa bhliain 2007, d’oscail an mórthaispeántas sa Leabharlann Chester Beatty: Leonardo: the Codex Leicester.[4] Cuireadh i láthair an phobail lámhscríbhinní cáiliúla eolaíochta Leonardo da Vinci a tháinig ar iasacht ó Bill Gates.
  •  
    Bás Leonardo, le Ingres
    Sa bhliain 2016, bhí sraith de dheich líníocht le Leonardo da Vinci ón mBailiúchán Ríoga ar taispeántas i nGailearaí Náisiúnta na hÉireann.[5] Roghnaíodh na líníochtaí seo chun scóip iontach na spéiseanna a bhí ag an ealaíontóir a thaispeáint, idir péintéireacht agus dealbhóireacht, innealtóireacht, zó-eolaíocht, luibheolaíocht, cartagrafaíocht agus anatamaíocht. Déantar ionadaíocht mhaith dá húsáid sciliúil de mheán éagsúil — peann agus dúch, cailceanna dearga agus dubha, uiscedhath agus pointe miotail.

TagairtíCuir in Eagar

  1. "Seoid na hAthbheochana" (ga). Beo!. Dáta rochtana: 2019-05-02.
  2. COGG (Céad bliain níos déanaí arís, ba é Martin Mersenne an chéad duine a thomhais luas fuaime in aer). "Eureka". Dáta rochtana: 2019.
  3. gaelscoiluineill.com. "Obair Bhaile". Dáta rochtana: 2019.
  4. Leabharlann Chester Beatty (2007). "Da Vinci". Dáta rochtana: 2019.
  5. "Gailearaí Náisiúnta na hÉireann" (2016). Dáta rochtana: 2019.