Ailtireacht na hAthbheochana

Athfhionnadh is athfheidhmiú fhoirmeacha is phrionsabail na hailtireachta clasaicí, an ailtireacht Rómhánach go háirithe, in iarthar na hEorpa sa 15ú-16ú céad. Tharla sé san Iodáil ar dtús is go príomha, mar ar oibrigh na hailtirí cáiliúla Alberti, Bramante, Brunelleschi, Michelangelo, Palladio, Raphael, Giulio Romano, Giuliano da Sangallo, agus Vignola. Tá samplaí suntasacha i Sasana (Teach na Banríona i nGreenwich (1616) is saothair Inigo Jones), an Bheilg, an Fhrainc, an Ghearmáin, an Ollainn, agus an Spáinn.[1]

Teach na Banríona

Tagairtí cuir in eagar

  1. Hussey, Matt (2011). "Ailtireacht na hAthbheochana". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 20.