Filippo Brunelleschi
Ailtire a rugadh i bhFirenze na hIodáile ab ea Filippo Brunelleschi (1377 - 15 Aibreán 1446). An chéad sárailtire san Athbheochan ba ea é, agus tionchar aige ar na glúine ailtirí ina dhiaidh.
Filippo Brunelleschi | |
---|---|
![]() | |
Saol | |
Eolas breithe | Flórans, 1377, 1376 |
Bás | An Róimh, 15 Aibreán 1446, 1445, 1446, 15 Aibreán 1446 |
Áit adhlactha | Ardeaglais Flórans |
Oideachas | |
Teangacha | An Iodáilis |
Mic léinn | Michelozzo Andrea Cavalcanti |
Gairm | |
Gairm | dealbhóir, innealtóir sibhialta, innealtóir agus ailtire |
Áit oibre | Flórans agus An Róimh |
Saothar iomráiteach | Ospedale degli Innocenti Ardeaglais Flórans Santo Spirito Crucifix in Santa Maria Novella (en) ![]() |
Gluaiseacht | an Renaissance luath Athbheochan na hIodáile |
GairmCuir in Eagar
Bhí Brunelleschi ina chónaí i bhFlórans ach bhí suim mhór aige in ailtireacht na Róimhe. Chaith sé 12 bhliain sa Róimh ag déanamh staidéir ar na seanfhoirgnimh.[1]
Chuaigh sé ar ais go Flórans agus thóg sé cruinneachán mór ar an Ardeaglais ansin (1417-1434)– an cruinneachán ba mhó ar domhan ag an am.
Féach freisinCuir in Eagar
- An Athbheochan
TagairtíCuir in Eagar
- ↑ COGG. "An Athbheochan". Dáta rochtana: 2022.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |