Grúpa hipitéiseach réamh-stairiúil eitneolaíochta de Eoráise ab ea na Prota-Ind-EorpaighCurganaigh a labhair an Phrota-Ind-Eorpais (PIE), réamhtheachtaí na dteangacha Ind-Eorpacha de réir na hatógála teangeolaíche.

WD Bosca Sonraí Grúpa DaonnaProta-Ind-Eorpaigh
Cineálgrúpa daoine díobhaí agus grúpa eitnitheangeolaíoch
TeangaPróta-Ind-Eorpach
CreideamhProto-Indo-European mythology (en) Aistrigh
TréimhseNeoiliteach
Le leanúintIndo-European people (en) Aistrigh

Tagann ár gcuid eolais fúthu go príomha ón atógáil theangeolaíoch sin, mar aon le fianaise ábhartha ón tseandálaíocht agus ón aircéighéineolaíocht. Is dócha go raibh cónaí ar na Phrota-Ind-Eorpaigh i ndeireadh na tréimhse Neoilití, nó thart ar an 4ú mhílaois RC. Cuireann scoláireacht phríomhshrutha iad i gcrios na steipe Pontaí-Caispí in Oirthear na hEorpa (an Úcráin agus deisceart na Rúise an lae inniu). Leathnódh roinnt seandálaithe doimhneacht ama na PIE go dtí lár na tréimhse Neoilití (5500 go 4500 RC) nó fiú go dtí an luath-Neoiliteach (7500 go 5500 RC), agus molann siad suíomhanna malartacha.

Ceaptar go raibh na Próta-Ind-Eorpaigh ionann leis an Cultúr Iamna. Chuir Marija Gimbutas in iúl gurbh iad na daoine Iamne a labhair an Próta-Ind-Eorpais, agus glactar an chuid is mó den staraithe leis seo.

Tagairtí cuir in eagar

  • Mallory, J.P. (1991). "In Search of the Indo-Europeans". Thames and Hudson. 
  • "Encyclopedia of Indo-European Culture" . Fitzroy Dearborn Publishers.