De réir na dteangeolaithe, tugtar "Próta-Ind-Eorpais" ar sinsear hipitéiseach na nuatheangacha Ind-Eorpacha, ach níl aon taifid aitheanta ar an teanga toisc gur cumadh an scríbhneoireacht ina dhiaidh sin.[1] Níl aon téacsanna ann sa teanga,[2], ach is féidir an teanga a athchruthú as patrúin sna teangacha Ind-Eorpach beo.[3]

Infotaula de llenguaPróta-Ind-Eorpais
luach ar iarraidh

Dáta4 mílaois "RCh"
Cineálprótaitheanga, teanga díothaithe agus unwritten language (en) Aistrigh
Úsáid
Grúpa eitneachProta-Ind-Eorpaigh
Aicmiú teangeolaíoch
teanga dhaonna
teangacha Ind-Eorpacha
Tréithe
Córas scríbhneoireachtaluach ar iarraidh
Leathnú na dteangacha Ind-Eorpacha ó Steip na hEoráise thiar, de réir hipitéis Kurgan

Mar shampla: is é an focal Laidine le haghaidh 'máthair' ná 'mater', is é μητέρα (mitéra) an focal Sean-Ghréigis, agus is é an focal Sanscrait ná मातर (mātara).  Tá siad go léir an-chosúil lena chéile, agus ní tharlaíonn sé sin rómhinic, de thimpiste.  Is féidir glacadh leis gur tháinig na teangacha seo as aon phrótatheanga amháin.

Rinneadh prótaitheangacha neamhscríofa eile a athchruthú i réimse na teangeolaíochta stairiúla (i.e. Próta-Ceiltach), ach tá i bhfad níos mó oibre déanta ar atógáil na Próta-Ind-Eorpacha ná ar aon phrótatheanga eile;  tá a stór focal, fóineolaíocht, ailt, uimhreacha, agus copula athchruthaithe go maith.

Ceaptar gur labhraítí an Próta-Ind-Eorpais idir 4500RCh agus 2500RCh [4] le linn na Neoiliteach go dtí an Chré-umhaois luath, dar an hipitéis Kurgan atá i réim[9].

Thug an athchruthú teangacha Próta-Ind-Eorpais léargas ar chultúr agus ar reiligiún a bhí ag a chuid cainteoirí[10].

Tá 445 sleachta ag Próta-Ind-Eorpais faoi láthair, dar le Ethnologue[11]. Féach an alt faoi na teangacha Ind-Eorpacha.

(Tá roinnt cosúlachtaí foclóireachta idir na teangacha Próta-Kartvelian agus Próta-Ind-Eorpais, ach céist tionchar é sin, ní sinsear coitianta[12].)

Forbairt na hipitéise cuir in eagar

 
William Jones (1746–1794)

Sa bhliain 1786, abair William Jones go raibh sinsear coitianta ag Sanscrait, Laidin, agus Gréigis[13]. Roimh sin, san 16ú haois, tháinig cuairteoirí Eorpacha ar hIndia ar an eolas faoi chosúlachtaí idir teangacha Ind-Iaránacha agus teangacha Eorpacha[14].

Sa bhliain 1653, d’fhoilsigh Marcus Zuerius van Boxhorn hipitéis go raibh próta-theanga coitianta ("Scythian", a thug sé air) ag: Gearmáinis, Rómánsacha, Gréigis, Baltach, Slavach, Ceiltis agus Iaráin.

Sa bhliain 1767, scríobh Gaston-Laurent Coeurdoux, Íosánach Francach a chaith a shaol ar fad san India, litir go dtí an Académie des Inscriptions et Belles-Lettres, a léirigh go sonrach na cosúlachtaí idir Sanscrait agus teangacha Eorpacha[15].

Ní raibh saothar cáiliúil Jones sa bhliain 1786 chomh cruinn ná a réamhtheachtaí sin; chuir sé an Éigipteach, an tSeapáinis agus an tSínis san áireamh sna teangacha Ind-Eorpacha, agus d'fhág sé an Hiondúis amach.

 
Franz Bopp (1791–1867)
 
Rasmus Rask (1787–1832)

Sa bhliain 1818, mhínigh Rasmus Christian Rask an tacar comhfhreagras chun teangacha Ind-Eorpacha eile a n-áireamh, mar shampla Sanscrait agus Gréigis, agus an raon iomlán na gconsan a bhí i gceist.

Sa bhliain 1816 d’fhoilsigh Franz Bopp Über das Konjugationssystem der Sanskritsprache in Vergleichung mit jenem der griechischen, lateinischen, persischen und germanischen Sprache (Faoin gCóras Réimniú Sanscrait i gcomparáid le ceann ag Gréigis, Laidin, Peirsis agus Gearmáinice). Sa bhliain 1833 thosaigh sé ag foilsiú Gramadach Comparáideach Sanscrait, Zend, Gréigis, Laidin, Liotuáinis, Sean-Slavais, Gotais, agus Gearmáinis[16].

Sa bhliain 1822, d’fhoilsigh Jacob Grimm a 'dlí Grimm' sa leabhar Deutsche Grammatik. Léirigh Grimm na comhghaolta a bhí ann idir na teangacha Gearmánacha agus teangacha Ind-Eorpacha eile, agus léirigh sé go tharlaíonn athrú fóineolaíoch go córasach ar gach focal[17].

Mhol an scoil Junggrammatiker nach bhfuil aon eisceacht ag dlíthe athruithe fóineolaíoch, mar a léirítear i 'ndlí Verner', a foilsíodh i 1877[18]. Abair an dlí Verner go tar éis siolla gan béim, athraíonn /f/ go /β/, /þ/ go /ð/, /s/ go /z/, /h/ go /ɣ/, agus /hʷ/ go /ɣʷ/. Is é sin le rá, athraíonn na cuimilteach neamhghlórach go dtí cuimilteach glórach tar éis siolla gan béim. Réitigh an dlí Verner eisceachtaí ar dhlí Grimm is cosúil a bhí ann[19].

Iarracht luath chun an theanga Próta-Ind-Eorpais a athchruthú a bhí sé an Cnuasach Gramadaí Chomparáideach na Teangacha Ind-Eorpais, Sanscrait, Ghréigis agus Laidin a scríobhann August Schleicher sa bhlianta 1874-77[20].

 
August Schleicher (1821–1868)

Faoi thús an 20ú haois, bhí tuairiscí maith ar an theanga Próta-Ind-Eorpais ag scoláirí, a glactar inniu freisin. Níos déanaí, chuir fionnachtain na teangacha Anatólacha agus an Tocáiris le corpas na dteangacha sliochta.

Chomh maith le dlí Grimm, glacadh le teoiric fóineolaíoch eile, an teoiric laraingeach, a deireann go raibh roinnt consain laraingeach sa bpróta-theanga a d'athraigh go gutaí níos déanaí. Chuir Ferdinand de Saussure an teoiric seo in iúl sa bhliain 1879 san aiste Mémoire sur le système primitif des voyelles dans les langues indo-européennes. Cuireadh in iúl é chun an córas briathra a mhínigh, ach tugann sé tuiscint faoi gcúrsaí fóineolaíoch freisin (lch. 6).

Mhínigh teoiric laraingeach neamhrialtachtaí in athchruthú na fóineolaíochta Próta-Ind-Eorpais mar sin: deireann sé gur bhí roinnt fuaimeanna (fuaimeanna laraingeacha) atá imithe ón teangaí beo agus teangaí clasaiceach, ach a breathnaíodh níos déanaí i dtáibléid dingchruthach nua-thochailte in teangacha Anatólacha.

 
Ferdinand de Saussure (1857–1913)

Thug an leabhar Jerzy Kuryłowicz Apophonie sa bhliain 1956 tuiscint níos fearr faoin 'ablaut' Próta-Ind-Eorpais. (Is córas na n-athruithe na ngutaí é an ablaut; féach aníos.)

San Indogermanisches etymologisches Wörterbuch a d'fhoilsigh Julius Pokorny sa bhliain 1959 (leagan Béarla, an bunleagan Gearmáinis), tá forbhreathnú mionsonraithe, ach coimeádach, ar an eolas foclóireachta a bhí ar eolas an uair úd.

Ó na seascaidí, tháinig eolas ar teangacha Anatólacha láidir go leor chun a ghaol le Próta-Ind-Eorpais a dearbhaigh.

Suíomh stairiúil agus geografach cuir in eagar

Tá iliomad hipitéisí ann faoi cathain, cén háit agus cé a labhair an Próta-Ind-Eorpais. Is é an 'hipitéis Kurgan' an ceann atá i réim. Chuir Marija Gimbutas sé ar aghaidh sa bhliain 1956.

Molann sé gurb iad na cainteoirí den Próta-Ind-Eorpais an cultúr Iamna a bhain leis na 'kurgan' (dumhaí adhlactha) ar an Steip na hEoráise thiar, ó thuaidh den Mhuir Dhubh[21][22].

De réir an teoiric, ba thréadaithe fánaíochta iad a rinne an capall a cheansú agus a rinneadh an roth. Lig an capall ('kabōn', sa teanga Próta-Ind-Eorpais) agus an roth ('rotā') dóibh dul ar imirce ar fud na hEorpa agus na hÁise i gcairteacha[22].

Faoi thús an 3ú mílaoise RCh, bhí siad ar fud an Steip na hEoráise thiar, agus isteach in oirthear na hEorpa[23].

Tá teoiricí eile ann faoin cainteoirí Próta-Ind-Eorpais, achoimrithe sa léarscáil seo, mar shampla an hipitéis Anatólach[24], an hipitéis Airméinis, an Teoiric Leanúnachais Phailéiliteacha, agus an Teoiric Airianach Dúchasach.

Fóineolaíocht cuir in eagar

Consain cuir in eagar

Atógadh an fóineolaíocht Proto-Ind-Eorpais go mion. Is iad seo na chuid consain atá sa teanga athchruthaithe:

Liopach Corónach Dromach Laraingeach
carballach gnáth liopach
Srónach *m *n
Consain
pléascach
Neamhghlórach *p *t *ḱ *k *kʷ
Glórach (*b) *d *g *gʷ
Análaithe *bʰ *dʰ *ǵʰ *gʰ *gʷʰ
Consain cuimilteach *s *h₁, *h₂, *h₃
Consain leachtach *r, *l
Leathghutaí *y *w

Úsáidtear h forscríofa (ʰ) chun consan análaithe a léiriú, agus w forscríofa (ʷ) chun consan liopach-coguasach (a déantar le liopaí cruinn, agus le droim na teanga in éadan an coguas freisin, mar atá i bhfuaim /w/.)

Ní fios go díreach cén bhfuaimeanna a bhí ag na trí consain laraingeacha (Ní téarma soiléir é 'laraingeacha' i bhfóineolaíocht nua-aimseartha.)[25]

Bhí consain sondacha ann, a d’fhéadfaí a úsáid mar siollaí. Mar i nGaeilge, is féidir leis an 'n' sa fhocal 'maidin' a bheith ina siolla fhéin. Úsáidtear iad, mar shampla, nuair a cuireann an riail ablaut an guta ar ceal. Ba iad , , , agus .

Gutaí cuir in eagar

An guta láir-oscailte tosaigh neamhchruinn /e/

Ba iad /e/ agus /o/ na gutaí is coitianta, agus bhí leagan gearr agus leagan fada acu. Scríobhtar na leagain fada mar ē agus ō anois.

An guta láir-oscailte cúil cruinn /o/

De réir cosúlachta níorbh ach an dá gutaí sin san dteanga; glacann Beekes le teoiric seo[26]. Ach dar le Fortson, bhí cúig gutaí (a,e,i,o,u)[27].

Défhoghaira cuir in eagar

Chomh maith le na gutaí simplí, bhí sé défhoghaira ann.

Is iad ei, oi, au, eu, ou, agus au, dar leis ann athchruthú leis an guta a[28], ach creideann roinnt scoláirí go raibh consan laraingeach h₂ le e in áit a, ionas gurbh iad ei, oi, h₂eu, eu, ou, agus h₂eu na sé défhoghaira[29].

Bhí na défhoghaira fada ēi, ōi, ēu, agus ōu neamhchoitianta.

Prosóid cuir in eagar

Tá an prosóid chaomhnaítear is fearr sa Sanscrait agus (i gcás ainmfhocail) san tSean-Ghréigis. Tá fianaise indíreach í i roinnt dteangacha eile san fine Ind-Eorpach.

Baineann an córas béimeanna leis an 'ablaut' (an riail faoi na n-athruithe na ngutaí), ach níl siad intuartha go hiomlán uaidh.

Deilbheolaíocht cuir in eagar

Creidtear go raibh córas casta deilbhíochtaí ag Próta-Ind-Eorpais[30] le iarmhíreanna go leor.

Moirféimí gan táthmhír ar bith iad na fréamhacha, agus iompaireann siad an ciall. Mar i nGaeilge féin is fréamh é "cara", mar shampla, as a bhfuil díorthaithe focail eile le nós cairdeas, cairdiúil, agus banchara.

Teanga chomhleá ab ea an Próta-Ind-Eorpais, inar usáideadh moirféimí infhillte chun na caidrimh ghramadaí idir focail a léirigh. Níor aimsíodh fréamhacha gan táthmhíreanna go minic.

De ghnáth, rinneadh tamhan as iarmhír agus fréamh le chéile, agus rinneadh focal as tamhan agus foirceann[31].

Ablaut cuir in eagar

I nGaeilge, athraíonn gutaí uaireanta chun an iolra nó an tuiseal ginideach a léirigh, mar shampla 'amhrán' go dtí 'amhráin', nó 'Seán' go dtí 'teach Sheáin'

Tá an riail ablaut san Próta-Ind-Eorpais cosúil le sin. Athraíonn sí guta i focail i suíomh céanna idir trí chatagóir:

  • gutaí gearr (/e/ agus /o/)
  • gutaí fada (ē agus ō sa gnás athscríbhinn a usáidíonn scoláirí Ind-Eorpach, ó /e:/ agus /o:/ san aibítir foghraíochta)
  • guta ar bith, an guta neamhnitheach Ø

Téarma gramadaí Sanscrait é 'vrddhi'. Tá vrddhi ina saghas díorthú 'de/ó/a bhaineann leis'. Athraíonn vrddhi an grád ó neamhnitheach go dtí lán, nó ó lán go dtí fada (mar shampla, 'e' go dtí 'ē').

Bhog an bhéim ar chúiseanna garamadach, agus bíodh céithre aicmí fréamhacha[32]:

  • acrastatach (socair ar fad): le béim ar an siolla fréimhe go deo.
  • histéirecinéiteach (ag bogadh siar): béim ar an iarmhír nuair atá guta ann, ar an foirceann nuair atá an guta neamhnitheach
  • amfaicinéiteach (soghluaiste ag tosach agus ag deireadh): bogann an bhéim nuair atá an guta neamhnitheach
  • prótaraicinéiteach (ag bogadh ar aghaidh): bogann an bhéim ar dheas shift nuair atá an guta neamhnitheach

Rinneadh trí cineál focail nua mar sin: aidiachtaí shealbhach, comhfhocail, agus le h-iarmhír eile *-h₂, mar cnuasainm neodrach[33].

Deilbheolaíocht dhíorthach cuir in eagar

Bhíothas in ann focail nua a dhéanamh as na fréamhacha ar roinnt bealaí. Uaireanta, rinneadh iad as an ablaut agus athruithe béime (díorthú inmheánach).

Mar shampla apásâ- ciallaíonn ‘gníomach’, ach le béim ar an céad siolla, ápasâ- ciallaíonn sé ‘obair’[34].

D'fhéadfadh an suíomh béimeanna athraigh taobh istigh de focal. Mar shampla, d'fhéadfadh an bhéim a bheidh i suíomh difríocht i leagan ainmfhocal agus leagan briathartha. (Mar atá sa briathar Béarla 'recórd' agus ainmfhocal Béarla 'récord'.) Fuair siollaí le bhéim ton níos airde. Mar shamplaí –

  • *tómh₁-o-s "gearr" > *tomh₁-ó-s "ag gearradh"
  • *wólh₁-o-s "mian" (Sanscrait vára-) > *wolh₁-ó-s "le mianta" (Sanscrait vará- "fear sa tóir")

Rinneadh níos mó focail le táthmhíreanna, mar atá níos coitianta sna sleachta[35].

Ainmfhocail cuir in eagar

Bíodh ocht nó naoi tuisil ag ainmfhocail Próta-Ind-Eorpacha[36].

  • An tuiseal ainmneach – le haghaidh ainmní briathair
  • An tuiseal cuspóireach – le haghaidh cuspóir díreach briathair aistreach
  • An tuiseal ginideach – nuair a modhnaíonn ainmfhocal ainmfhocal eile
  • An tuiseal tabharthach – le haghaidh cuspóir indíreach briathair aistreach
  • An tuiseal innealach – don mhodh trína ndéanann an t-ábhar rud éigin
  • An tuiseal ochslaíoch – le haghaidh ainmfhocail ag bogadh ar shiúl ó rud éigin
  • An tuiseal áitreabhach – le haghaidh rud atá lonnaithe in áit éigin
  • An tuiseal gairmeach – le haghaidh an duine a labhraítear an abairt leis (mar "a Sheán, a chara" i nGaeilge)
  • An tuiseal allatach – saghas tuiseal áitreabhach a chuireann gluaiseacht i dtreo rud éigin in iúl. Níl an tuiseal seo ann ach sna teangacha Anatólach, agus ní raibh sé ann sa bPróta-Ind-Eorpais go cinnte[37]

Bhí trí inscne gramadaí ag Próta-Ind-Eorpais:

  • firinscneach
  • baininscneach
  • neodrach

Tá dá uimhir ag ainmfhocail i lán teangacha: uatha agus iolra. Bhí na dá categóir sin sa bPróta-Ind-Eorpais, agus tríú ceann chomh maith: uatha, iolra, agus déach, nuair a bhíodh dá rud díreach glan ann. Tá rian de sin i nGaeilge, mar 'an dá bhróig', 'an dá láimh' srl.

Forainm cuir in eagar

Tá sé deacair forainmneacha Próta-Ind-Eorpais a athchruthú, mar gheall ar a n-éagsúlacht i dteangacha níos déanaí. Tá roinnt teoiric thart fúithi[38].

Bhí forainmneacha pearsanta ag Próta-Ind-Eorpais sa chéad agus sa dara phearsa gramadaí, ach ní sa tríú phearsa; úsáideadh forainmneacha taispeántacha ina ionad.

Cruthaítear an briathar aisfhillteach le ainmfhocal 'se', mar atá sé i Spáinnis anois, ach le foirm difriúil mar tuisil ginideach agus cuspóireach[39].

Forainmneacha pearsanta [40]
An chéad phearsa An dara phearsa
Uatha Iolra Uatha Iolra
Ainmneach *h₁eǵ(oH/Hom) *wei *tuH *yuH
Cuspóireach *h₁mé, *h₁me *nsmé, *nōs *twé *usmé, *wōs
Ginideach *h₁méne, *h₁moi *ns(er)o-, *nos *tewe, *toi *yus(er)o-, *wos
Tabharthach *h₁méǵʰio, *h₁moi *nsmei, *ns *tébʰio, *toi *usmei
Innealach *h₁moí *nsmoí *toí *usmoí
Ochslaíoch *h₁med *nsmed *tued *usmed
Áitreabhach *h₁moí *nsmi *toí *usmi

Briathara cuir in eagar

Bhaine an córas ablaut le briathara chomh maith le ainmfocail. Bhí thrí ghné ag briathra mar an bunchategóir a bhíonn acu:

  • briathara staide – briathara faoin caoi nó an staid atá ag rud éigin
  • neamhfhoirfeach – briathara faoi bheart a dhéantar arís is arís, nó beart neamhchríochnaithe, nó go rialta
  • foirfeach – briathara faoi bheart críochnaithe

Bhí céithre modhanna ar a laghad ag briathara:

  • an modh táscach – le haghaidh abairtí a cuireann fíricí in iúl
  • modh ordaitheach – ordú nó iarratas
  • modh foshuiteach – roinnt staid neamhfhíorasach, mar shampla rudaí indéanta
  • modh guítheach – rudaí ar mian, rudaí a ghuítear air

Bhí dá faíthe ag briathara:

  • an fhaí ghníomhach – nuair a dhéanann an t-ainmní an beart den briathar
  • an fhaí mheánchéasta – úsáidtear mar an fhaí chéasta agus an fhaí mheáin

Cosúil le na ainmfocial, bhí trí uimhir ag briathara: uatha, iolra, agus déach.

Bhí trí phearsa gramadaí ag briathra: an chéad, an dara agus an tríú.

Neamhchosúil le Gaeilge, agus a rangabháil amháin (an rangabháil chaite, mar 'déanta'), bhí rangabháil soiléir ag Próta-Ind-Eorpais chun gach comhcheangal aimsire agus fhaí (mar shampla, rangabháil chaite ghníomhach), agus bhí sraith ainm briathartha agus foirm aidiachtúil den briathra ann freisin.

Taispeánann an tábla seo na críocha na mbriathra Próta-Ind-Eorpais dar le Sihler[41], agus seo é an comhaontú i measc scoláraí den chuid is mó.

Neamhthéamach
(gan guta ón h-ablaut)
Téamach
(le guta ón h-ablaut)
Uatha Céad phearsa *-mi *-oh₂
Dara phearsa *-si *-esi
Triú phearsa *-ti *-eti
Déach Céad phearsa *-wos *-owos
Dara phearsa *-th₁es *-eth₁es
Triú phearsa *-tes *-etes
Iolra Céad phearsa *-mos *-omos
Dara phearsa *-te *-ete
Triú phearsa *-nti *-onti

Uimhreacha cuir in eagar

Sihler[41]
haon *(H)óynos/*(H)óywos/*(H)óyk(ʷ)os ;
*sḗm (grád lán), *sm̥- (grád neamhnitheach)
*d(u)wóh₁ (grád lán), *dwi- (grád neamhnitheach
trí *tréyes (grád lán), *tri- (grád neamhnitheach)
ceathair *kʷetwóres (grád o), *kʷ(e)twr̥- (grád neamhnitheach)
(faoin "riail kʷetwóres")
cúig *pénkʷe
*s(w)éḱs; nó *wéḱs, leis an *s- faoi thionchar *septḿ̥
seacht *septḿ̥
ocht *oḱtṓ(w)*h₃eḱtṓ(w)
naoi *h₁néwn̥
deich *déḱm̥(t)

Chiallaigh *ḱm̥tóm "céad" nó b'fhéidir aon uimhir mór[42].

Míreanna cuir in eagar

Sa ngramadach Próta-Ind-Eorpais, ní raibh difear idir míreanna agus dobhriathra[43]. Seo shampla roinnt míreanna agus cónaisc gur féidir iad a athchruthú:

mar/toisc go *ǵe
mír chun ceist a dhéanamh *h₂en
agus *kʷe
*ue
sin *iod, *kʷod
mar sin *h₁ei
conas *iō (*ioH?), *iōd

An aidiacht shealbhach cuir in eagar

D’fhéadfaí aidiachtaí sealbhacha nó gaolmhara a chruthú ó ainmfhocail trí dhíorthú inmheánach.

D’fhéadfaí focail den sórt sin a úsáid go díreach mar aidiachtaí, nó d’fhéadfaí iad a iompú ar ais ina n-ainmfhocal gan aon athrú ar dheilbheolaíocht, chun léirigh duine éigean nó rud éigean le tréith an aidiacht acu.

Usáideadh iad freisin mar an dara gné de comhfhocal. Más ainmfhocal é an chéad gné, chruthaigh sé seo aidiacht a bhí cosúil le rannpháirtí láithreach de réir bhrí, m.sh. aidiacht le brí "le mórán ríse" nó "ag gearradh crainn". Agus iad iompaithe ar ais ina n-ainmfhocail, bhí comhfhocail den sort seo cosúil le gníomhainmneacha de réir bhrí.

I bhfréamhacha téamacha (an chuid le guta faoi béim), cruthaíodh an aidiacht shealbhach le haistriú an bhéim siolla amháin i dtreo deise[44].

Comhréir cuir in eagar

Tá staidéar dáiríre déanta ar chomhréir na dteangacha Ind-Eorpacha is sine ó dheireadh an naoú haois déag ar a laghad, ag scoláirí mar Hermann Hirt agus Berthold Delbrück. Sa dara leath den fhichiú haois, mhéadaigh an spéis sa chomhréir, agus rinneadh athchruthú comhréir Próta-Ind-Eorpais dá bharr[45].

Tá na teangacha Ind-Eorpacha is sine (an Laidin mar shampla) go léir infhillte. Mar sin, creidtear gur bhain Próta-Ind-Eorpais úsáid as táthmhíreanna moirfeolaíocha chun caidrimh ghramadaí a léiriú, níos mó ná ord focal[46].

Shíl Jacob Wackernagel go raibh ord ainmní-briathar-cuspóir ag Próta-Ind-Eorpais, bunaithe ar fhianaise ón tSanscrait.

Tá roinnt daoine fós ag hipitéis sin, ach scríobh Hans Henrich Hock sa bhliain 2015 gur aontaíodh go ginearálta i measc scoláirí go raibh ord ainmní-cuspóir-briathar ag Próta-Ind-Eorpais[47].

Úsáideann an tSean-Indic, an tSean-Pheirsis, agus Sean-Laidin an ord ainmní-cuspóir-briathar de ghnáth, le horduithe eile uaireanta chun béim a chur in iúl (m.sh., briathar-ainmní-cuspóir chun béim a cuireann ar an mbriathar). Tá an ord céanna sna forainm pearsanta iarchlaonach san Hitis.

Focloir roghnaithe cuir in eagar

Dar le Pokorny

  • *mātér- "máthair"
  • *pətḗ(r) "athair"
  • *dn̥g̑hū, dn̥g̑hu̯ā "teanga"
  • *ku̯e- "cad"
  • *nĕ, nē, nei "ní, níl"
  • *g̑enu-, g̑neu- "gluain"
  • *ōus- : əus- : us- "cluas"
  • *smek- "smig"
  • *gu̯ou- "bó"
  • *k̑u̯on-, k̑un- "cú, madra"
  • *mel- "meil"
  • *meli-t "mil"
  • *médhu, "meá"
  • *sal- "salann"
  • *ed- "ith"
  • *k̑leu-, k̑leu̯ə- : k̑lū- "clois"
  • *nōmn̥, "ainm"
  • *dei-, dei̯ə-, dī-, di̯ā- "dia, lá, spéir"
  • *deru-, dō̆ru-, dr(e)u-, drou-, dreu̯ə- : drū-, "crann"
  • *sneigu̯h- "sneachta"
  • *neu̯os, neu̯i̯os "nua"
  • *sen- "sean"
  • *nogu̯-, nogu̯od(h)o-, nogu̯-no- "nocht"
  • *legh- "luigh"
  • *g̑hei- : g̑hi- "geimhreadh"

Tagairtí cuir in eagar

  1. Ár dtéarmai féin, Fidelam Ni Ghallchobhair. https://coislife.ie/product/ar-dtearmai-fein/ Curtha i gcartlann 2021-01-21 ar an Wayback Machine
  2. "Archaeology et al: an Indo-European study".
  3. "Linguistics – The comparative method".
  4. "Telling Tales in Proto-Indo-European". Archaeology.
  5. Bomhard 2019, p. 2.
  6. Anthony & Ringe 2015, pp. 199–219.
  7. Mallory 1989, p. 185.
  8. Strazny 2000, p. 163.
  9. See:
    • Bomhard: "This scenario is supported not only by linguistic evidence, but also by a growing body of archeological and genetic evidence. The Indo- Europeans have been identified with several cultural complexes existing in that area between 4,500—3,500 BCE. The literature supporting such a homeland is both extensive and persuasive [...]. Consequently, other scenarios regarding the possible Indo-European homeland, such as Anatolia, have now been mostly abandoned."[5]
    • Anthony & Ringe: "Archaeological evidence and linguistic evidence converge in support of an origin of Indo-European languages on the Pontic-Caspian steppes around 4,000 years BCE. The evidence is so strong that arguments in support of other hypotheses should be reexamined."[6]
    • Mallory: "The Kurgan solution is attractive and has been accepted by many archaeologists and linguists, in part or total. It is the solution one encounters in the Encyclopædia Britannica and the Grand Dictionnaire Encyclopédique Larousse."[7]
    • Strazny: "The single most popular proposal is the Pontic steppes (see the Kurgan hypothesis)..."[8]
  10. Fortson, Benjamin W. (2004). "Indo-European language and culture: an introduction". Malden, Mass: Blackwell. OCLC 54529041. 
  11. "Ethnologue report for Indo-European".
  12. Gamkrelidze, Th. & Ivanov, V. (1995). Indo-European and the Indo-Europeans: A Reconstruction and Historical Analysis of a Proto-Language and a Proto-Culture. 2 Vols. Berlin and New York: Mouton de Gruyter.
  13. "Sir William Jones, British orientalist and jurist".
  14. Auroux, Sylvain (2000). "History of the Language Sciences". Walter de Gruyter. 
  15. "The Sanskrit Connection: Keeping Up With the Joneses".
  16. "Franz Bopp, German philologist".
  17. "Grimm's law, linguistics".
  18. Verner, Karl A. (1877). "Eine Ausnahme der ersten Lautverschiebung." Zeitschrift für vergleichende Sprachforschung auf dem Gebiete der Indogermanischen Sprachen 23.2: 97–130 Zeitschrift für vergleichende Sprachforschung auf dem Gebiete der Indogermanischen Sprachen (Gearmáinis)
  19. "Neogrammarian, German scholar".
  20. "August Schleicher, German linguist".
  21. "The horse, the wheel, and language: how bronze-age riders from the Eurasian steppes shaped the modern world" (2007). Princeton, N.J.: Princeton University Press. 
  22. 22.0 22.1 Balter, Michael (13 February 2015). "Mysterious Indo-European homeland may have been in the steppes of Ukraine and Russia". Science. doi:10.1126/science.aaa7858. Dáta rochtana: 17 February 2015. 
  23. Gimbutas, Marija (1985). "Primary and Secondary Homeland of the Indo-Europeans: comments on Gamkrelidze-Ivanov articles". Journal of Indo-European Studies 13 (1–2): 185–202. 
  24. "Mapping the Origins and Expansion of the Indo-European Language Family" (24 August 2012). Science 337 (6097): 957–960. doi:10.1126/science.1219669. PMID 22923579. PMC:4112997. Bibcode2012Sci...337..957B. 
  25. "Comparative Indo-European linguistics: an introduction. Second edition" (2011): 147. Amsterdam: J. Benjamins Publishing Company. 
  26. "Comparative Indo-European linguistics: an introduction. Second edition" (2011): 141. Amsterdam: J. Benjamins Publishing Company. 
  27. Fortson, Benjamin W. (2004). "Indo-European language and culture: an introduction". Malden, Mass: Blackwell. OCLC 54529041. 
  28. Fortson, Benjamin W. (2004). "Indo-European language and culture: an introduction". Malden, Mass: Blackwell. OCLC 54529041. 
  29. "Comparative Indo-European linguistics: an introduction. Second edition" (2011): 144. Amsterdam: J. Benjamins Publishing Company. 
  30. Fortson, Benjamin W. (2004). "Indo-European language and culture: an introduction". Malden, Mass: Blackwell. OCLC 54529041. 
  31. Fortson, Benjamin W. (2004). "Indo-European language and culture: an introduction". Malden, Mass: Blackwell. OCLC 54529041. 
  32. "New comparative grammar of Greek and Latin" (1995). New York u. a.: Oxford Univ. Press. 
  33. Jay Jasanoff. "The Prehistory of the Balto-Slavic Accent". 
  34. "Comparative Indo-European linguistics: an introduction. Second edition" (2011): 182. Amsterdam: J. Benjamins Publishing Company. 
  35. Jay Jasanoff. "The Prehistory of the Balto-Slavic Accent". 
  36. Fortson, Benjamin W. (2004). "Indo-European language and culture: an introduction". Malden, Mass: Blackwell. OCLC 54529041. 
  37. Fortson, Benjamin W. (2004). "Indo-European language and culture: an introduction". Malden, Mass: Blackwell. OCLC 54529041. 
  38. "Comparative Indo-European linguistics: an introduction. Second edition" (2011): 225. Amsterdam: J. Benjamins Publishing Company. 
  39. "Comparative Indo-European linguistics: an introduction. Second edition" (2011): 232-4. Amsterdam: J. Benjamins Publishing Company. 
  40. "Comparative Indo-European linguistics: an introduction. Second edition" (2011): 233. Amsterdam: J. Benjamins Publishing Company. 
  41. 41.0 41.1 "New comparative grammar of Greek and Latin" (1995). New York u. a.: Oxford Univ. Press. 
  42. Lehmann, Winfried P (1993), Theoretical Bases of Indo-European Linguistics, London: Routledge, pp. 252–55, ISBN 0-415-08201-3
  43. "Comparative Indo-European linguistics: an introduction. Second edition" (2011): 249. Amsterdam: J. Benjamins Publishing Company. 
  44. Jay Jasanoff. "The Prehistory of the Balto-Slavic Accent". 
  45. "Preface" (2015). John Benjamins. 
  46. "Proto-Indo-European" (1997). Taylor & Francis. 
  47. Hock, Hans Henrich (2015). "Proto-Indo-European verb-finality: Reconstruction, typology, validation". John Benjamins. 

Naisc sheachtracha cuir in eagar