Puffin Rock
Is sraith teilifíse í Puffin Rock (carraig na bpuifíní) do phaistí, beochan de chuid Cartoon Saloon agus Dog Ears in Éirinn. Amach ó chósta na hÉireann atá an t-oileán ‘Puffin Rock’ agus insítear scéalta faoi eachtraí an fhuipín Oona agus a deartháir beag Baba.[1]
Puffin Rock agus Lundaklettur | |
---|---|
Seánra | sraith theilifíse do pháistí |
Cuideachta léiriúcháin | Cartoon Saloon |
Tír | Éire |
Bunteanga | Béarla |
Bealach teilifíse | RTÉjr |
An chéad eipeasóid | 12 Eanáir 2015 |
An eipeasóid dheireanach | 12 Lúnasa 2016 |
Líon séasúr | 2 |
Líon eipeasóidí | 78 |
Tuilleadh eolais | |
| |
Tá an príomhról (guthú i mBéarla) ag an aisteoir Chris O’Dowd,
Scannán
cuir in eagarTháinig scannán beochana amach, "Puffin Rock agus Cairde Nua"[2] sa bhliain 2023 bunaithe ar an tsraith teilifíse Puffin Rock. Tháinig leagan Gaeilge den fhadscannán agus fotheidil Bhéarla leis. Sa scannán, tá a bhfuil i ndán don oileán féin idir dhá cheann na meá agus is faoi Oona agus a cairde a bhíonn sé a baile agus a pobal a thabhairt slán.[1]
An Cartoon Saloon, a rinne scannán amhail Song of the Sea/Amhrán na Mara, a ainmníodh do dhuais Oscar, agus Dog Ears, stiúideo i nDoire, a rinne an bheochan.
Féach freisin
cuir in eagarTagairtí
cuir in eagar- ↑ 1.0 1.1 tuairisc.ie (10 Lúnasa 2023). "Leagan Gaeilge den scannán ‘Puffin Rock and the New Friends’ le taispeáint den chéad uair" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2023-08-10.
- ↑ "Puffin Rock and the New Friends"