Amhrán na Mara (scannán)

Is scannán beochana é Amhrán na Mara (Béarla: Song of the Sea), a rinne an comhlacht cartúin Cartoon Saloon (lonnaithe i gCill Chainnigh) sa bhliain 2014. Tá an scéal foilsithe mar leabhar freisin.[1]

Bosca Sonraí ScannáinAmhrán na Mara
Song of the Sea Cuir in eagar ar Wikidata

Cuir in eagar ar Wikidata
Buneolas
StiúrthóirTomm Moore Cuir in eagar ar Wikidata
LéiriúPaul Young Cuir in eagar ar Wikidata
Dearthóir léiriúcháinAdrien Mérigeau Cuir in eagar ar Wikidata
ScriptTomm Moore agus Will Collins Cuir in eagar ar Wikidata
CeolBruno Coulais (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
DáileoirGKIDS (en) Aistrigh agus Vudu Cuir in eagar ar Wikidata
Mionsonraí
Tír bhunaidhLucsamburg, an Fhrainc, Éire, an Bheilg agus an Danmhairg Cuir in eagar ar Wikidata
Céadléiriú6 Meán Fómhair 2014 Cuir in eagar ar Wikidata
Fad ama93 min Cuir in eagar ar Wikidata
BunteangaBéarla Cuir in eagar ar Wikidata
Dathdaite Cuir in eagar ar Wikidata
Buiséad7,500,000 $ Cuir in eagar ar Wikidata
Tuilleamh9,371,908 $ (domhanda)
857,524 $ (Stáit Aontaithe Mheiriceá) Cuir in eagar ar Wikidata
Cur síos
Seánrascannán fantaisíochta, scannán do pháistí, scannán beochana agus scannán don teaghlach go léir Cuir in eagar ar Wikidata
Rátáil MPAAPG Cuir in eagar ar Wikidata
Príomhábharmourning (en) Aistrigh, sibling relationship (en) Aistrigh, Aos Sí, psychological repression (en) Aistrigh, féinfhollasú agus maighdean róin Cuir in eagar ar Wikidata
Suíomh scéalaíochtaÉire Cuir in eagar ar Wikidata
Liosta na ngradam agus na n-ainmniúchán
Ainmnithe do
Gradam a fuarthas

Suíomh gréasáin oifigiúilsongoftheseamovie.blogspot.ie Cuir in eagar ar Wikidata
IMDB: tt1865505 Filmaffinity: 696917 Allocine: 226004 Rottentomatoes: m/song_of_the_sea_2014 Letterboxd: song-of-the-sea Mojo: songofthesea Allmovie: v599933 TCM: 2054881 Metacritic: movie/song-of-the-sea TV.com: movies/song-of-the-sea
Facebook: songoftheseamovie Twitter: songofthesea Cuir in eagar ar Wikidata

Sraith: Irish Folklore Trilogy (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata

Scéal cuir in eagar

Cúlra cuir in eagar

Tá an plota bunaithe ar scéal rúndiamhair na banrónta (selkies), mná a thiontaíonn ina rónta[2]. Tógann an scannán inspioráid ó Bhanrónta miotaseolaíocha bhéaloideas na hÉireann, neacha a chónaíonn mar rónta san fharraige ach mar dhaoine ar thalamh.

Plota cuir in eagar

Leanann an scéal eachtraí an phríomhcharachtair Saoirse (an leanbh-rón deireanach) agus a deartháir Ben, 10 mbliain d'aois.

Tugtar le fios ag tús an scannáin gur cailleadh máthair Shaoirse dá droim. Cé go bhfuil Saoire sé bliana d’aois, ní labhraíonn sí focal. Tá na páistí ina cónaí ar oileán mara lena n-athair, atá i bhfeighil an tí solais.

Tar éis dá máthair imeacht gan tásc gan tuairisc, tagann an tseanmháthair ar cuairt chucu go minic agus bíonn ag tathant orthu i rith an ama an t-oileán a thréigean agus bualadh fúthu sa gcathair.[3]

Faoi dheireadh, cuirtear Ben agus Saoirse chun cónaí lena seanmháthair sa chathair.

Nuair a chinneann na páistí ar fhilleadh ar a mbaile cois farraige, tá baol ann nach n-éireoidh leo a n-aistear a chur i gcrích ach go dtarraingeofar isteach i ndomhan eile iad nach bhfuil cur amach ag Ben air ach amháin sna síscéalta a chuala sé óna mháthair. Téann na gasúir mar sin ar thuras iontach isteach i ndomhan draíochta na finscéalaíochta ársa atá ag dul i léig in iarracht filleadh ar a mbaile cois farraige. Níos faide anonn sa scannán, éalaíonn na páistí leo agus tugann siad aghaidh ar a bhfód dúchais.

Fan na slí bíonn eachtraíocht leis an slua sí, ulchabháin, Macha, Mac Lir agus go leor eile nach iad.[4]

Léiriúchán cuir in eagar

Is éard atá in Amhrán na Mara ná an leagan Gaeilge den scannán (an bheochan chéanna ann ach le guthanna Gaeilge) a deineadh le cómhaoiniú ó TG4. Tá guthanna Lisa Hannigan, Lucy O'Connell, Fionnula Flanagan, Brendan Gleeson, Pat Shortt, David Rawle, Jon Kenny, Liam Hourican agus Colm Ó Snodaigh le cloisteáil sa scannán. Bhí cuid de na haisteoirí céanna i gceist sa dá leagan, na piardaí móra Brendan Gleeson agus Fionnuala Flanagan san áireamh.[4]

Duaiseanna cuir in eagar

Bhí Amhrán na Mara ainmnithe ar gearrliosta amháin (an catagóir ‘’Scannán Beochana is Fearr’’) do dhuaiseanna na Oscars sa bhliain 2015.

Ceol cuir in eagar

 
Lisa Hannigan

Is iad Kíla, in éineacht leis an chumadóir Bruno Coulais, a chum an ceol. I measc na rianta ar an fhuaimrian tá an t-amhrán Gaeilge, Amhrán na Farraige, atá á chanadh ag an amhránaí clúiteach Lisa Hannigan. Tá an t-amhrán Gaeilge seo mar chuid den fhuaimrian sa leagan Béarla.

Tá an fuaimrian foilsithe mar CD[5] agus tá an bheochan le fáil mar DVD freisin[6].

Traicliosta cuir in eagar

  1. "Song of the Sea (casadh ag Lisa Hannigan)" – 2:42
  2. "The Mother's Portrait" – 2:26
  3. "The Sea Scene" – 2:42
  4. "The Song (casadh ag Lisa Hannigan agus Lucy O'Connell)" – 5:16
  5. "The Key in the Sea" – 0:59
  6. "The Derry Tune" – 1:58
  7. "In the Streets" – 1:05
  8. "Dance with the Fish" – 2:05
  9. "The Seals" – 0:45
  10. "Something Is Wrong (casadh ag Lisa Hannigan)" – 2:04
  11. "Run" – 2:31
  12. "Head Credits (performed by Lisa Hannigan)" – 1:44
  13. "Get Away" – 1:18
  14. "Help" – 2:33
  15. "Sadness" – 1:06
  16. "Molly" – 1:05
  17. "I Hate You" – 1:33
  18. "Who Are You" – 1:19
  19. "The Storm" – 1:55
  20. "Katy's Tune" – 3:30
  21. "In the Bus (casadh ag Lisa Hannigan)" – 0:44
  22. "The Thread (casadh ag Lisa Hannigan)" – 2:24
  23. "Amhrán Na Farraige (casadh ag Lisa Hannigan)" – 2:45
  24. "Song of the Sea (Lullaby) (casadh ag Nolwenn Leroy)" – 3:46
  25. "La chanson de la mer (berceuse) (casadh ag Nolwenn Leroy)" – 3:47

Aisteoirí cuir in eagar

Ról Aisteoir Béarla Aisteoir Gaeilge
Ben David Rawle James Ó Floinn
Conor Brendan Gleeson
Mac Lir
Granny Fionnula Flanagan
Macha
Bronach Lisa Hannigan Gráinne Bleasdale
Saoirse Lucy O'Connell Fionán Farley Nolan
An Fear Gruagach Maurice O'Donoghue
Lug Pat Shortt Donncha Crowley
Mossy Colm Ó Snodaigh Niall McDonagh
Ferry Dan Jon Kenny
Rock Shee
Spud Liam Hourican Tomás Ó Súilleabháin
Tiománaí Bus
Ben Óg Kevin Swierszcz Ríona Farley Nolan

Tagairtí cuir in eagar

  1. "Song of the Sea le Will Collins Amhrán na Mara le Proinsias Mac an Bháird". www.coisceim.ie. Dáta rochtana: 2018-07-18.
  2. Tomaí Ó Conghaile. "Nós - Amhrán Gaeilge i scannán ar ghearrliosta Oscar" (ga). nos.ie. Dáta rochtana: 2018-07-18.
  3. .ifi.ie. "Amhrán na Mara Worksheet 2". Dáta rochtana: 2023.
  4. 4.0 4.1 Breandán M Mac Gearailt (14 Iúil 2015). "LÉIRMHEAS: Amhrán na Mara: álainn, ceolmhar agus samhlaíoch" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2023-06-05.
  5. "‘Song of the Sea’ Soundtrack Details | Film Music Reporter" (en-US). filmmusicreporter.com. Dáta rochtana: 2018-07-18.
  6. "Song of the Sea / Amhrán na Mara - an leagan Gaeilge den scannán álainn | CIC" (en). www.cic.ie. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2016-12-06. Dáta rochtana: 2018-07-18.