Ráig foréigin i dTuaisceart Éireann, Bealtaine 1974


Ar 7 Bealtaine 1974 thosaigh Óglaigh Uladh nó an "drong Ghleann Anna”. ag marú daoine as éadan i dTuaisceart Éireann le linn na dTrioblóidí.[1].

Teimpléad:WD Bosca Sonraí ImeachtRáig foréigin i dTuaisceart Éireann, Bealtaine 1974
PríomhábharNa Trioblóidí Cuir in eagar ar Wikidata
TírTuaisceart Éireann Cuir in eagar ar Wikidata

Cúlra cuir in eagar

Fuath seicteach, go príomha, a bhí taobh thiar den slad. Bhí feidhmeannas comhroinnte cumhachta (Comhaontú Sunningdale) i gcumhacht san am sin. Bhí na dílseoirí glan ina haghaidh agus an teannas ag cur thar maoil i dTuaisceart Éireann.

Phléasc ceanastarbhuama ag an teach tábhairne, Rose & Crown, ar 2 Bealtaine 1974 i mBéal Feirste. Maraíodh seisear (Caitlicigh go léir). Ciontaíodh beirt níos déanaí, déagóirí in aois 16 dóibh ag an am. Dúradh leo ionsaí a dhéanamh ar Chaitlicigh.

Tharla Buamálacha Bhaile Átha Cliath agus Mhuineacháin seachtain níos déanaí, ar 17 Bealtaine 1974.

Bhí an Drong Ghleann Anna bunaithe ar fheirm Glenanne, Co Ard Mhacha

Imeachtaí cuir in eagar

  • Ar 7 Bealtaine 1974, scaoileadh James Devlin (45) agus a bhean, Gertrude Devlin (44), beirt sibhialtach Caitliceach, marbh ag Óglaigh Uladh agus iad ag tiomáint isteach i lána a dtí, sa Chongó, Éadán na dTorc (Edendork),[2] Contae Thír Eoghain. Bhí an t-ionsaí nasctha le “drong Ghleann Anna”. Gortaíodh a n-iníon, Patricia. Ciontaíodh fear as an UDR, William Thomas Leonard (20).[3] Bhí mírialtachtaí ollmhóra sa phróiseas agus glacadh leis go raibh na húdaráis sáite ann.[3]
  • Ar an lá céanna, lámhachadh Patrick Jago (55) agus Frederick Leonard (19), tógálaithe agus Caitlicigh ag obair ar Bhóthar Bhaile Dubh, Carn Monaidh, Contae Aontroma.
  • An lá dár gcionn, scaoileadh Francis Rowe, (40) Caitliceach, ar bhóthar Kingsmoss, i nGleann Ghormlaithe.
  • Ar 10 Bealtaine, mharaigh an IRA beirt as an RUC, John Ross (40) agus Brian Bell (29), ar phatról coise i mBéal Feirste.

Féach freisin cuir in eagar

Naisc sheachtracha cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar

  1. "CAIN: Sutton Index of Deaths". cain.ulster.ac.uk. Dáta rochtana: 2023-11-06.
  2. "Éadan na dTorc/Edendork" (ga). logainm.ie. Dáta rochtana: 2023-11-06.
  3. 3.0 3.1 Patricia Devlin / Gerry Moriarty (2021). "‘They removed a bullet from my face, my shoulder, my leg and my right hand’" (en). The Irish Times. Dáta rochtana: 2023-11-06.