Tugtar Ré an Uafáis, nó go simplí an tUafás, (5 Meán Fómhair 179328 Iúil 1794) ar na laethanta ba mheasa de Réabhlóid na Fraince, ina bhris foréigean amach idir na dá fhaicsean Gioróndach agus Seacaibíneach. Ré fuilteach a bhí ann, ina chuireadh na mílte daoine chun báis, daoine ar a dtugtaí "naimhde na réabhlóide". Meastar inniu gur mharaíodh idir 20,000 agus 40,000 duine le linn na tréimhse. An grúpa a bhí freagrach as ná Coiste na Slándála Poiblí, faoin ceannaire Maximilien Robespierre.

Teimpléad:WD Bosca Sonraí ImeachtRé an Uafáis
Cineáltréimhse stairiúil Cuir in eagar ar Wikidata
Cuid deRéabhlóid na Fraince Cuir in eagar ar Wikidata
Tréimhse2 Meán Fómhair 1793 - 28 Iúil 1794
SuíomhAn Chéad Phoblacht Fhrancach, An Fhrainc Cuir in eagar ar Wikidata
Tíran Fhrainc Cuir in eagar ar Wikidata
EagraíCommittee of Public Safety (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata


Forghníomhú Marie-Antoinette - Deireadh Fómhair 1793

Bhí an gilitín ("an Rásúr Náisiúnta", mar a bhítí ag tabhairt air) ina shiombail mhór ar Ré an Uafáis, agus i measc na daoine ba cháiliúla a daoradh chun aghaidh a thabhairt air ná Marie-Antoinette, Philippe Égalité, Madame Roland agus Antoine Lavoisier.