Ceann de na príomh-aibhneacha sna Stáit Aontaithe Thiar Theas agus i dtuaisceart Mheicsiceo is ea an Río Bravo (Béarla: Rio Grande) (an ceann eile ná an Río Colorado). Éiríonn an abhainn i lárdheisceart Cholorado sna Stáit Aontaithe agus sreabhann sí isteach i Mhurascail Mheicsiceo.[1] Ar an tslí, cruthaíonn sí cuid den teorainn idir Meicsiceo agus na Stáit Aontaithe. De réir an Comisión Internacional de Límites y Aguas (Béarla: International Boundary and Water Commission) tá an abhainn 3.051 km ar fhad iomlán. Ag brath ar conas atá sí a thomhas, is í an ceathrú nó an cúigiú abhainn is faide i Meiriceá Thuaidh.[2]

WD Bosca Tíreolaíocht FhisiceachRío Bravo
(mis) mets'ichi chena
(mis) posoge
(mis) paslápaane
(mis) hañapakwa Cuir in eagar ar Wikidata
Íomhá
CineálAbhainn Cuir in eagar ar Wikidata
Foinse
Mór-roinnMeiriceá Thuaidh Cuir in eagar ar Wikidata
Tír abhantraíStáit Aontaithe Mheiriceá agus Meicsiceo Cuir in eagar ar Wikidata
Limistéar riaracháinColorado, SAM, Nua-Mheicsiceo, SAM, Texas, SAM, Chihuahua, Meicsiceo, Coahuila, Meicsiceo, Nuevo León, Meicsiceo agus Tamaulipas, Meicsiceo Cuir in eagar ar Wikidata
Deireadh
SuíomhMurascaill Mheicsiceo Cuir in eagar ar Wikidata
Map
37°47′52″N 107°32′18″W / 37.7978°N 107.5384°W / 37.7978; -107.5384
25°57′22″N 97°08′43″W / 25.9562°N 97.1452°W / 25.9562; -97.1452
Craobh-abhainn
27
Abhantrach draenálaRio Grande basin (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Tréithe
Toisí3,051 (fad) km
Abhantrach471,900 km² Cuir in eagar ar Wikidata
Bearta agus táscairí
Sreabhadh85 m³/s Cuir in eagar ar Wikidata

Feidhmíonn an abhainn mar chuid den teorainn nádúrtha idir Texas agus na Stáit Chihuahua, Coahuila, Nuevo León agus Tamaulipas de chuid Meicsiceo. Feidhmíonn stráice an-ghearr den abhainn mar chuid den teorainn idir Texas agus Nua-Mheicsiceo. Ó lár an 20ú haois, toisc go raibh an iomarca tomhaltais uisce sna feirmeacha agus sna cathracha chomh maith, agus go leor mórdhambaí, atreorú an abhainn agus ní raibh ach 20% dá uisce nádúrtha a scaoileadh le sruth isteach sa Mhurascaill. Gearr do bhéal na habhann, tá an réigiún talmhaíochta 'El Valle del Río Grande' Béarla: Rio Grande Valley). tábhachtach. Tá an Río Bravo (nó an Rio Grande) ar cheann de na 19 n-Uiscí Móra aitheanta ag an 'Great Waters Coalition'.[3]

Clúdaíonn dobhardhroim an Río Bravo 472,000 km2 [4]

Tíreolaíocht

cuir in eagar
 
Oileán laistigh den Río Bravo ón North Valley in Albuquerque, Nua-Mheicsiceo
  1. Mighty Rio Grande Now a Trickle Under Siege April 12, 2015
  2. "Rio Grande".
  3. "America's Great Waters Coalition". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2011-08-15. Dáta rochtana: 2017-01-17.
  4. Benke, Arthur C. (2005). "Rivers of North America": 186–192. Academic Press.