B'í Ríocht na Polainne (Polainnis:Królestwo Polskie; Laidin : Regnum Poloniae) stát in Oirthear na hEorpa, a cruthaíodh sa bhliain 1025, trí chorónú Bolesław I Chrobry mar Rí na Polainne, áit nach raibh ach Diúcacht ann roimhe sin. Bhí Bolesław in ann é seo a dhéanamh toisc gur éag an tImpire Gearmánach Heinrich II. Ach nuair a fuair Bolesław bás bhí a theideal imithe leis. Ní bhfuair an Pholainn rí oifigiúil go dtí 1295 le Przemysł II (1257 - 1296), agus bhí an ríshlioch Piastów i gceannas. Tháinig Ríocht nua faoi cheannas [[ríshliocht Iagailleonach|Jagiellowie]] sa bhliain 1385, nuair a phós an [[Władysław II Jagiełło|Diúc Iagaille]] (ón Liotuáin) Jadwiga na Polainne.