R340

bóthar i gContae na Gaillimhe

Bóthar réigiúnach ar an gcósta trí Iorras Aithneach is ea an R340. Tá an pointe is faide soir ar an mbóthar ag Scríb, Contae na Gaillimhe, áit a mbuaileann sé leis an R336. Téann sé siar trí Ros Muc, thar Ionad Cúltúrtha an Phiarsaigh, ansin trí Dhoire Iorrais, Loch Conaortha, Coill Sáile, Cill Chiaráin, An Aird Mhóir, agus Caladh Mhaínse. Ansin téann sé trí Roisín na Mainiach agus thar Áras Shorcha Ní Ghuairim, cuid d'Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge. Casann sé ó thuaidh sula sroicheann sé sráidbhaile Charna féin, ag dul trí Dúleitir Thiar, An Cnoc Buí, agus Glinsce. Timpeall is 5km lastuaidh de Ghlinsce, téann sé thar Droichead Bhun na hAbhann, droichead suntasach déanta as cloch. Tagann sé chun críche ag an N59, cúpla míle siar ón tSraith Salach.

WD Bosca Sonraí BótharR340

Cuir in eagar ar Wikidata
AitheantóirR340
Cineálbóthar
Fad43.8 km
Bealach
Stáit
Comhordanáidí53°24′N 9°47′W / 53.4°N 9.78°W / 53.4; -9.78

Féach freisin cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar