Raonaid Walker

amhránaí agus cumadóir Gaelach

Amhránaí agus cumadóir Gaelach is ea Raonaid Walker (1976-) (Béarla: Rachel Walker ). Canann sí ina haonar chomh maith le bannaí, leithéidí Cruinn agus Skipinnish. Bhuaigh sí Bonn Òir a' Chomuinn Gàidhealaich sa bhliain 2017.

Infotaula de personaRaonaid Walker
Beathaisnéis
Breith1976
47/48 bliana d'aois
Salisbury, England Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
Scoil a d'fhreastail sé/síÀrd-Sgoil Ghearrloch
Conservatoire Ríoghail na h-Alba Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmamhránaí, amhránaí is scríbhneoir Cuir in eagar ar Wikidata
Tréimhse oibre2004 –
FostóirColaiste na Gàidhealtachd an Iar Cuir in eagar ar Wikidata
Ball de
SeánraCeol tíre traidisiúnta
Mac/iníon léinn de chuidKenna Campbell
TeangachaGaeilge na hAlban agus Béarla
UirlisCeol gutha

Suíomh gréasáinrachelwalker.co.uk Cuir in eagar ar Wikidata
Musicbrainz: accf37fc-05c7-45b2-896d-178d118e6054 Cuir in eagar ar Wikidata

Saol cuir in eagar

Rugadh Raonaid i Salisbury, Lincolnshire, agus d'aistrigh a muintir go hiarthar Rois nuair a bhí sí ocht mbliana d'aois. Chuaigh sí go Bun-Sgoil Cheann Loch Lù agus Àrd-Sgoil Gheàrrloch áit ar fhoghlaim sí amhráin Ghaeilge agus ceol traidisiúnta.

Ina dhiaidh dhi an scoil a fhágáil, rinne Walker cúrsa sa cheol clasaiceach in Oilthigh Napier.[1] sa bhliain 1996, bhí sí ar dhuine de na chéad oileánaigh ar an gcúrsa nua ar cheol na hAlban ag Conservatoire Rìoghail na h-Alba.(Royal Scottish Academy of Music is Drama mar a bhí). D’fhoghlaim sí amhráin Ghaeilge ansin faoi stiúir an amhránaí iomráiteach Keana Campbell.

Tá sí pósta ar an bpíobaire an bhanna Skipinnish Andrew Stevenson agus tá beirt pháiste acu.

Tá trí albam dá cuid féin aici agus canann sí ar go leor albam eile le banna ceoil agus le tacaíocht amhránaithe eile ar nós Art McCormick. Is léachtóir ceoil í ag " Colaiste na Gàidhealtachd an Iar, áit a bhfuil sí i gceannas ar roinn an cheoil. Múineann sí amhráin Ghaeilge freisin i Sgoil Chiùil na Gàidhealtachd sa Phloc.[2]

Cór cuir in eagar

Tá sí ina stiúrthóir ar Chòisir Loch Abar. In éineacht léi, bhuaigh siad "Cuach_Cuimhneachain_Mairead_NicDhonnchaidh" do chóir réigiúnacha trí huaire idir 2015-17 ag an Mód Náisiúnta.

Bannaí ceoil cuir in eagar

Tá sí mar chuid den bhanna ceoil, Cruinn. Is minic a oibríonn sí leis an veidhleadóir Archie McAllister.[3]

Cumadóir ceoil cuir in eagar

Tá ceol scríofa ag Walker do ghrúpaí ar nós Scotland Sings agus NàdarAlba .

Scríobh sí an t-amhrán 'Fada Bhuam' a rinne ionadaíocht ar Albain ag an gcomórtas amhrán idirnáisiúnta Liet. Sa bhliain 2018, bhí ‘Arms of the Oceansingil aici ag uimhir 1 i gcairt íoslódála World Music.

Gradaim cuir in eagar

  • 2013 - Amhránaí Gàidhlig na Bliana ag Na Trads .
  • 2017 - Bonn Òir a' Chomuinn Ghàidhealaich, ag Mòd Loch Abar.[4]

Dioscliosta cuir in eagar

  • Loch Brae (2004)
  • Faoi na Réaltaí (2006)
  • Cailleadh (2010)

Tagairtí cuir in eagar

Naisc sheachtracha cuir in eagar